Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Cuideachta na gCártaí pays homage to the enduring pastime of card-playing



Date Posted: December 17, 2019

Cuideachta na gCártaí pays homage to the enduring pastime of card-playing as seen through the experiences of generations of enthusiasts across Ulster today.

Cuideachta na gCártaí, produced by Imagine Media for BBC Gaeilge, with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, is on BBC Two Northern Ireland on Monday 23rd December at 10pm.

The programme explores why the games are such a draw to the players and why they are determined to keep the games alive. The film weaves its way through a diverse set of card players’ lives, looking at the cross-generational and continuing love affair with card games.

Some competitors play in the hope of winning a prize, whilst others take part in fundraising or charity events. Regardless of the reason, card-playing remains a particularly unique type of social gathering where cheek, chance, mental agility and Lady Luck all merge in the moment!

Cuideachta na gCártaí airs on BBC Two Northern Ireland on Monday 23rd December at 10pm.


I gclár Cuideachta na gCártaí túgtar ómós do chaitheamh aimsire imirt cártaí

I gclár Cuideachta na gCártaí túgtar ómós do chaitheamh aimsire imirt cártaí mar a fheictear í trí thaithí glúnta de dhíograiseoirí ar fud Chúige Uladh sa lá atá inniu ann.

Is léiriúchán de chuid Imagine Media é Cuideachta na gCártaí do BBC Gaeilge, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Tuaisceart Éireann. Beidh sé le feiceáil ar BBC Two Northern Ireland Dé Luain, 23ú Nollaig ag 10i.n.

Fiosraíonn an clár seo de chuid BBC Gaeilge an fáth a bhfuil an oiread sin tarraingthe sna cluichí do na himreoirí agus an fáth a bhfuil siad meáite ar na cluichí a choinneáil beo, agus amharcann sé ar an dúil leanúnach atá sna cártaí ó ghlúin go glúin.

Bíonn cuid den lucht imeartha ag dúil le duais a bhaint agus cuid eile ag iarraidh airgead a bhailiú ar son carthanachta. Ach beag beann ar an chúis, is ócáid shóisialta ar leith í an imirt cártaí áit a dtagann dánacht, misneach, clisteacht agus an t-ádh, bíodh sé sona nó dona, i gceann a chéile!

Beidh Cuideachta na gCártaí le feiceáil ar BBC Two Northern Ireland Dé Luain, 23ú Nollaig ag 10.00i.n.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved