Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Graduation marks new wave of talent for the Irish language production sector



Date Posted: October 9, 2017

Northern Ireland Screen hosted a reception in the Linenhall Library on Tuesday 3rd October to mark the graduation of thirteen trainees who took part in various Irish Language Broadcast Fund (ILBF) training schemes and to welcome six new trainees onto the New Entrant scheme this year. ILBF Investment Committee Acting Chairwoman, Róise Ní Bhaoill, presented the trainees with certificates in recognition of their achievements.

The Irish Language Broadcast Fund offers several different training opportunities for Irish speakers working or aspiring to work in the independent production sector. A key principle of the training schemes is that they should lead to an advancement of skills, expertise and general career development, which impacts positively on not only the Irish language production industry but the wider sector in Northern Ireland.

This year a record thirteen trainees graduated across five year-long courses: six on the New Entrants 2016-17 scheme; two on the Trainee Editor scheme; one on the Trainee Producer; one on the Trainee Producer/Director and three on the Trainee Series Producer scheme.  Additionally, six candidates for this year’s New Entrants 2017-18 scheme were recognised for having completed the Introduction to Production course at BBC.

Several clips from programmes produced by the trainees were screened as part of the ceremony to the audience which included representatives from various television production companies, the BBC, NvTv, Raidió Fáilte and Northern Ireland Screen.

Róise Ní Bhaoill said: “I am delighted to represent the ILBF Investment Committee here today and celebrate the achievements of all the trainees who have completed their courses.  The ILBF funded training schemes provide wonderful opportunities to gain the necessary skills to secure continued employment in the local Irish speaking production sector.  As the sector develops, with more people being trained and skills developed, the quality of programmes produced is ensured, allowing audiences to enjoy entertaining and informative programmes with high production values.”

Áine Walsh, Head of the Irish Language Broadcast Fund, said: “The ILBF is delighted that the majority of the trainees who participated on the various training schemes have already secured employment or are continuing training within the production sector and I am looking forward to seeing their work on Irish language productions in the future.  I am also delighted to welcome our new trainees on board.  These trainees will help to foster the growing Irish language production sector in Northern Ireland – one of the key aims of the ILBF.”

The ILBF’s annual New Entrant training scheme is now in full swing with six new trainees since the beginning of September. The scheme began with a two week intensive training course in the BBC in Belfast and the trainees have now begun their placements with production companies and NvTv.


TALLANN ÚRNUA D’EARNÁIL LÉIRIÚCHÁIN FÍSE GHAEILGE Á CEILIÚRADH AG BRONNADH

Reáchtáil Scáileáin Thuaisceart Éireann ócáid i Leabharlann Halla an Línéadaigh ar an Mháirt 3 Deireadh Fómhair le ceiliúradh a dhéanamh ar thrí oiliúnaí dhéag a ghlac páirt i scéimeanna oiliúna bliana de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG).  Cuireadh fáilte fosta roimh an seisear atá tar éis tosú ar scéim oiliúna na bliana seo d’Iontrálaithe Nua.  Bhronn Róise Ní Bhaoill, Cathaoirleach Gníomhach ar Choiste Infheistíochta an CCG, teastais ar na hoiliúnaithe le haitheantas a thabhairt ar an méid atá bainte amach acu.

Cuireann an Ciste Craoltóireachta Gaeilge roinnt deiseanna oiliúna éagsúla ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá ag obair nó atá ag iarraidh bheith ag obair san earnáil neamhspleách léiriúcháin. Is é bunphrionsabal na scéimeanna oiliúna go gcuirfí le forbairt scileanna, forbairt saineolais agus forbairt ghinearálta gairme. Ba chóir go mbeadh tionchar dearfach aige seo ar earnáil léiriúcháin na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

I mbliana, chríochnaigh trí oiliúnaí dhéag scéimeanna bliana i gcúig réimse éagsúla: seisear oiliúnaithe ar an Scéim d’Iontrálaithe Nua, beirt ar an Scéim d’Eagarthóirí faoi Oiliúint, duine ar an Scéim do Léiritheoirí faoi Oiliúint, duine ar an Scéim do Léiritheoir/Stiúrthóir faoi Oiliúint agus triúr ar an Scéim do Léiritheoirí Sraithe faoi Oiliúint.  Chomh maith leis sin tugadh aitheantas dóibh siúd atá ag freastal ar Scéim d’Iontrálaithe Nua 2017-18, as ucht an Réamhchúrsa i Scileanna Léiriúcháin a chríochnú sa BBC.

Taispeánadh roinnt gearrscannán a léirigh agus a scannánaigh na hoiliúnaithe mar chuid den searmanas. Bhí ionadaithe i láthair ó chuideachtaí éagsúla léiriúcháin teilifíse, ón BBC, NvTv, Raidió Fáilte agus ó Scáileán Thuaisceart Éireann.

Dúirt Róise Ní Bhaoill: “Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu mar urlabhraí ar Choiste Infheistíochta an CCG le ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach ag an lucht oiliúna a chríochnaigh na scéimeanna i mbliana.  Cuireann na scéimeanna oiliúna de chuid an CCG deiseanna iontacha ar fáil na scileanna cuí a fhoghlaim agus fostaíocht a bhaint amach san earnáil léiriúcháin Ghaeilge amach anseo dá réir.  Faoi mar a thagann forbairt ar an earnáil, agus de réir mar a thagann méadú ar líon na ndaoine a théann faoi oiliúint agus ar na scileanna a bhíonn á bhforbairt, léireofar ábhar d’ardchaighdeán, rud a chinntíonn go mbeidh lucht féachana in inmhe sult a bhaint as cláir atá taitneamhach lán eolais, cláir a mbíonn ardluachanna léiriúcháin ag gabháil leo.”

Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge: “Tá lúcháir ar an CCG go bhfuil fostaíocht nó áit ar scéim oiliúna laistigh den earnáil léiriúcháin faighte ag an chuid is mó d’oiliúnaithe na bliana seo agus tá mé ag tnúth le hobair s’acu ar léiriúcháin Ghaeilge a fheiceáil sa todhchaí.   Tá lúcháir orm fosta fáilte a chur roimh ár n-oiliúnaithe úra a thosaigh linn. Cuideoidh na hoiliúnaithe seo leis an earnáil léiriúcháin Ghaeilge i dTuaisceart Éireann a chothú, earnáil atá ag fás léi – ceann de phríomhaidhmeanna an CCG.”

Thosaigh an Scéim d’Iontrálaithe Nua ag tús mhí Mheán Fómhair.  D’fhreastail an seisear ar dhianchúrsa traenála coicíse sa BBC i mBéal Feirste agus tá siad anois ar socrúchán ag comhlachtaí léiriúcháin agus ag NvTv.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved