Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

BBC Northern Ireland and TG4 celebrate St Patrick’s Day with Daniel O’Donnell and guests



Date Posted: March 13, 2019

On St Patrick’s Day, join Daniel O’Donnell as he hosts a special concert recorded at the Market Place Theatre, Armagh.

Ceiliúradh na Féile Pádraig will bring viewers a stellar cast of singers, dancers, musicians and musical traditions on BBC Two Northern Ireland at 9pm and TG4  at 9.30pm on Sunday 17th March.

Daniel will be joined by Clancy, Holden and Dunphy, Seán Keane, The Armagh Pipers Club, Ríoghnach Connolly, Colin Foley, Fusion Trio, Lemoncello, Celticanto, the Dundalk Institute of Technology Choir and Irish dancers from The Rooney, O’Malley, Maguire School, for an hour of music and chat.

The Donegal man will also join his guests for special performances of Mo Dhún na nGall, Grace and Fare Thee Well.

Produced by Big Mountain Productions, Ceiliúradh na Féile Pádraig is a BBC Northern Ireland co-commission with TG4, supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

“We had a wonderful time in Armagh recording the concert,” said Daniel. “And I loved the chance to join some of my guests for special performances.

“I’ve met Seán KeaneDarren Holden, Brian Dunphy and Finbarr Clancy before, so it was really nice to meet up with them again.

“And it was a real treat to get to know the other acts and see such an array of new talent.”

He adds: “I really enjoyed meeting and watching the Irish dancers, but no, I didn’t join them for a number,” he laughs.

“My wife Majella and I will actually be abroad on St Patrick’s Day, but I’m looking forward to watching the concert on the iPlayer when we get home.”

Ceiliúradh na Féile Pádraig will also be available to watch on the BBC iPlayer and the TG4 Player via www.bbc.co.uk/iplayer and tg4.ie/en/player.


Beidh BBC NI agus TG4 ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig le Daniel O’Donnell agus aíonna

Ar Lá Fhéile Pádraig, bí linn i gcuideachta Daniel O’Donnell agus é ag cur ceolchoirm speisialta i láthair, ceolchoirm a taifeadadh ag Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha.

Beidh an lucht féachana ábalta sult a bhaint as scoth na n-amhránaithe, na ndamhsóirí, na gceoltóirí agus na dtraidisiún ceoil ar Ceiliúradh na Féile Pádraig ar BBC 2 ag 9i.n. agus ar TG4 ag 9.30i.n., Dé Domhnaigh 17ú Márta.

I gcuideachta Daniel, beidh Clancy, Holden agus Dunphy, Seán Keane, Cumann Píobairí Ard Mhacha, Ríoghnach Connolly, Colin Foley, Fusion Trio, Extreme Rythmn, Lemoncello, Celticanto, Cór Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus damhsóirí Gaelacha ó scoil damhsa Rooney, O’Malley, Maguire le huair an chloig a líonadh le ceol agus seanchas.

Ní hamháin sin, ach beidh an Conallach ag tionlacan a chuid aíonna le taibhithe speisialta de Mo Dhún na nGall, Grace agus Fare Thee Well.

Is léiriúchán de chuid Big Mountain Productions é Ceiliúradh na Féile Pádraig, comhchoimisiúnú de chuid BBC NI agus TG4, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Tuaisceart Éireann.

“Bhí am ar dóigh againn in Ard Mhacha ag taifeadadh an ceolchoirme,” arsa Daniel. “Agus bhain mé sult an domhain as an deis taibhithe speisialta a dhéanamh in éineacht le cuid do na haíonna.

“Bhí aithne agam ar Sheán Keane, Darren Holden, Brian Dunphy agus Finbarr Clancy roimhe seo, agus mar sin de, bhí sé thar a bheith deas bualadh leo arís.

“Agus ba mhór an pléisiúr é aithne a chur ar na daoine eile a bhí ar an ardán liom agus réimse tallann úr dá leithéid a fheiceáil.

Deir sé fosta: “Bhain mé sult an domhain as bualadh leis na damhsóirí Gaelacha agus amharc orthu i mbun damhsa, ach ní hea, níor bhac mé le damhsa beag a dhéanamh ina gcuideachta,” ar seisean, agus gáire ar a bhéal.

“Mise agus mo bhean chéile Majella, is amhlaidh go mbeidh muid ag dul thar lear ar Lá Fhéile Pádraig, ach tá mé ag dúil go mór leis an cheolchoirm a fheiceáil ar an iPlayer nuair a bhainim an baile amach.”

Beidh Ceiliúradh na Féile Pádraig ar fáil fosta ar sheinnteoir BBC agus TG4 tríd na naisc seo www.bbc.co.uk/iplayer agus tg4.ie/en/player.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved