Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Irish Language Broadcast Fund

Oiliúint | Training


Cuireann an CCG deiseanna oiliúna éagsúla ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil léiriúcháin neamhspleách i dTuaisceart Éireann nó ar mian leo dul ag obair inti.

Scéimeanna Oiliúna an CCG

Maireann na scéimeanna oiliúna seo bliain féilire den chuid is mó. Is é an aidhm atá leis na scéimeanna, go bhfaighidh na hoiliúnaithe taithí phraiticiúil agus traenáil ar an láthair agus iad lonnaithe i gcomhlachtaí léiriúcháin nó i stáisiún teilifíse. Íocann an CCG agus/nó an comhlacht léiriúcháin tuarastal na n-oiliúnaithe.

Beidh na hoiliúnaithe ag obair ar ábhair a bheidh á léiriú ag na comhlachtaí léiriúcháin agus gheobhaidh siad comhairle, meantóireacht agus tacaíocht phraiticiúil ón chomhlacht. Tabharfaidh an CCG tacaíocht do na hoiliúnaithe chun freastal ar ghearrchúrsaí léiriúcháin cuí i rith na scéime bliana seo. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach mar aon le spéis as cuimse sna meáin agus/nó taithí phraiticiúil sna meáin chun áit a bhaint amach sa scéim.

Díríonn an CCG isteach ar réimsí áirithe oiliúna nuair a bhíonn gá san earnáil leo. San am a chuaigh thart glacadh isteach iontrálaithe nua, léiritheoirí, léiritheoirí cúnta, ceamaradóirí agus eagarthóirí. De ghnáth bíonn scéim nua ar siúl ó Mheán Fómhair go dtí Lúnasa gach bliain agus déantar fógraíocht fhorleathan uirthi.

Sparánacht Forbartha Scileanna

Cruthaíodh Sparánacht Forbartha Scileanna an CCG le cuidiú i bhfoirm tacaíochta airgeadais a thabhairt do chainteoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna. Is é ceann de phríomhchúspóirí an chiste ná go mbeadh scileanna forbartha agus saineolas faighte ag na rannpháirithe a fhreastlaíonn ar na gearrchúrsaí agus go mbeadh forbairt ghairme acu go ginearálta. Ba chóir go mbeadh tionchar aige sin ar an earnáil léiriúcháin Ghaeilge.

Tá sparánachtaí ar fáil do ghearrchúrsaí traenála agus do roinnt cúrsaí iarchéime.

Féadfaidh iarratasóirí iarratas a chur isteach fá choinne suas le 75% de na costais oiliúna agus suas le huasmhéid de £2,000. Tá tuilleadh eolais faoi Sparánachtaí Forbartha Scileanna ar fáil ó Brídín Ni Mhaoldomhnaigh.


The ILBF offers several training opportunities for Irish speakers working or aspiring to work in the independent production sector in Northern Ireland.

ILBF Training Schemes

These are generally year long schemes aiming to provide hands on, apprentice style training where the trainees are based with a production company or local TV station. The trainees salaries are paid by the ILBF and/or the production company.

Trainees will work on content produced by the production companies and will be mentored and practically supported by the company. Trainees will also be supported by the ILBF to attend any appropriate short courses in production throughout the year long scheme. Fluency in Irish and a proven interest in media and/or practical media experience are requirements for the scheme.

The training areas the ILBF focus on are based on sectoral need and have in the past included the following: new entrant, producer, assistant producer, camera and editing. The schemes generally run from September to August each year and are advertised widely.

Skills Development Bursary

The ILBF Skills Development Bursary Fund is designed to assist Irish language speakers working within the production sector with financial support to participate in training courses. A key principle of the fund is that attendance at a training course should lead to advancement of skills, expertise and general career development. This in turn should have an impact on the Irish language production sector.

Bursaries are available for short term training courses and for some postgraduate courses.
Applicants can apply for up to 75% of the training costs and up to a maximum of £2,000. More information on Skills Development Bursaries is available from Brídín Ni Mhaoldomhnaigh.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved