Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Talent Call: An exciting opportunity for new and emerging Irish Language writers!



Date Posted: October 8, 2020

An bhfuil suim agat a bheith i do scríbhneoir teilifíse?

Tá Pounce Pictures agus Danú Media ag lorg scríbhneoirí le bheith páirteach i scéim forbartha, SCÉAL ÚR,  chun sraith nua drámaíochta teilifíse as Gaeilge a chruthú do lucht féachana idir 18 agus 35.

Seo scéim oiliúna, maoinithe ag an ILBF, TG4 agus BBC Gaeilge. Thar tréimhse trí mhí, tabharfar traenáil agus oiliúint don fhoireann a roghnófar chun coincheap cláir a chruthú, imlínte a scríobh agus sé chláir/eagráin a chur le chéile.

Táimíd ag lorg scríbhneoirí a bhfuil léargas acu ar an taithí saol atá ag daoine idir 18 agus 35, agus a bhfuil suim acu scéalta a chruthú atá réalaíoch agus comhaimseartha, insithe le croí agus greann.  Tabharfar tús áite do scríbhneoirí ó Thuaisceart Éireann ach fáilteofar roimh scríbhneoirí ó áit ar bith chun cur isteach ar an scéim.  De bharr srianta COVID-19, reáchtálfar an cúrsa ar-líne, agus má thagann athrú ar na srianta, is i mBéal Feirste a bhéas an oiliúnt ar bun.

Reáchtálfar an scéim ón 26ú lá Deireadh Fómhair go dtí an 28ú Eanair 2021, le briseadh coícíse um Nollag. Beimid ag súil go mbeadh na scríbhneoirí ar fáil go lán aimseartha i rith na seachtainí seo a leanas:

  • 26-30 Deireadh Fómhair 2020
  • 16-20 Samhain 2020
  • 23-27 Samhain 2020
  • 30 Samhain – 4 Nollaig 2020

Beidh an cúrsa páirt-aimseartha i rith na seachtainí eile, agus ag brath ar chúraimí na ndaoine a roghnófar, déanfar gach iarracht a bheith solúbtha faoi na h-amanna oibre i rith an tréimhse lán-aimseartha.

Íocfar liúntas leo siúd a bhéas páirteach sa scéim.

Le do shuim a léiriú, seol ríomhphost chugainn le beagán eolas fút féin agus sampla scríbhneoireachta as Gaeilge i bhfoirm PDF – glacfaimíd le prós, filíocht nó drámaíocht d’aon saghas nó fhad.

Seol r-phost chuig [email protected] roimh 5 i.n ar an 17ú Deireadh Fomhair 2020.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved