Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Sad death of Aodán Mac Póilín



Date Posted: January 3, 2017

Everyone at Northern Ireland Screen is deeply shocked and saddened by the passing of Aodán Mac Póilín who served on the board of Northern Ireland Screen for 5 years from 2012, with particular responsibility for the Irish Language Broadcast Fund.

Aodán was a magnificent agitator and intellect with a great sense of fun. It was a tremendous pleasure for us to work under his stewardship of the Irish Language Broadcast Fund and its extremely hard to imagine the ILBF without him. We know that the ILBF Committee, the Irish Language production community and the Irish language community more generally will be devastated.

While Aodán made a huge contribution to the Irish Language Broadcast Fund while he chaired it in recent years, his greatest contribution to Irish Language broadcasting was his lobbying and campaigning for the creation of the ILBF through the Ultach Trust and his position on the BBC Audience Council. It is unlikely that the Irish Language Broadcast Fund would have come into existence without Aodán’s forceful and persistent but always good natured campaigning.

Our thoughts are with Aodán’s wife Áine, his daughter Aoife and his two grandchildren.


Is cúis mhór bhróin ag foireann iomlán Scáileán Thuaisceart Éireann é bás Aodáin Mhic Phóilín a bhí ar bhord Scáileán Thuaisceart Éireann ar feadh 5 bliana ó 2012 agus a raibh freagracht ar leith aige as an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Duine cuideachtúil ba ea é Aodán, fear a spreag an dúrud daoine agus a raibh eagna iontach chinn aige. Ba mhór an pléisiúr dúinn a bheith ag obair faoina stiúir mar chuid den Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus is deacair an CCG a shamhlú ina éagmais. Tá a fhios againn gur méala mór a bhás do Choiste an CCG, do phobal na meán Gaeilge agus do mhórphobal na Gaeilge i gcoitinne.

Cé gur chuir Aodán go mór leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus é mar chathaoirleach air le blianta beaga anuas, ba é an stocaireacht a rinne sé leis an CCG a bhunú trí Iontaobhas ULTACH agus trína áit ar Chomhairle Lucht Féachana an BBC an rud is mó a chuir an dlaoi mhullaigh ar a obair ar son chraoltóireacht na Gaeilge. Chomh dócha lena athrach, ní bhunófaí an Ciste Craoltóireachta Gaeilge riamh gan an stocaireacht a rinne Aodán, stocaireacht a bhí láidir, leanúnach, lách i gcónaí.

Déanaimid ár gcomhbhrón le hÁine, bean chéile Aodáin, le hAoife, a iníon agus lena bheirt gharpháistí.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved