Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Opry an Iúir, TG4, Wednesday 2nd November at 10.30pm



Date Posted: October 28, 2016

Following the success of the first four series, Opry an Iúir is set to return to TG4 on Wednesday 2nd November at 10.30pm. The seven-part series has received funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

Hosted by the King of country music, Daniel O’Donnell and joined by Lynette Fay, they meet and perform with some of the biggest stars of country music.

Series five showcases some very special artists each with their own show: Trudi Lalor, The Three Amigos, T.R. Dallas, Derek Ryan, The High Kings, Clíona Hagan together with Michael English, and a very special Opry with the Stars episode!

Each episode sees the main artist perform a selection of their greatest hits, new exclusive material and some very special duets and collaborations. The series also features an Irish-language duet with a well-known traditional singer. Daniel duets with the country artist and in an exclusive he performs some of his own best-loved hits ‘as Gaeilge’.

In addition, to coincide with TG4’s 20th anniversary this year’s Opry also features a one-off country spectacular – ‘Opry with the Stars’ – starring Country and Irish veterans Ray Lynam, Brendan Quinn, Frank McCaffrey, Sandy Kelly and the legendary Gloria of ‘One Day At A Time’ fame. County Tyrone born, Irish musician, Bernadette Morris joins Brendan Quinn on stage for a wonderful rendition of “Ways of Man.”

Multi-instrumentalists The High Kings, fresh from a sell-out US tour, swap Nashville for Newry as they join Daniel to take us through their foot stomping set and raise the Newry roofs. They are joined on stage by renowned singer Nell Ní Chroinín, the youngest ever recipient of the TG4 Singer of the Year award.

Recorded in front of a live audience, mixing profiles/archive and comments from their biggest fans, Opry an Iúir brings the essence of Nashville’s Grand Ole Opry to Newry.

Opry an Iúir is produced by Big Mountain Productions for TG4 with funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

_____________________________________________________________________________

Opry an Iúir, TG4, Dé Céadaoin 2 Samhain ag 10.30.in.

I ndiaidh a raibh de rath ar na chéad cheithre shraith, tá Opry an Iúir ar ais agus é le craoladh ar TG4 ar an Chéadaoin 2 Samhain ag 10:30 i.n. Fuair an tsraith seacht gclár maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

Is é Ard Rí an cheoil tíre Daniel O’Donnell atá ar ais mar fhear tí na sraithe, agus le cuidiú ó Lynette Fay, buailfidh siad agus rachaidh siad i mbun ceoil le cuid de na ceoltóirí is mó le rá sa cheol tíre.

Beidh clár ar leith ag na réaltaí aitheanta, Trudi Lalor, The Three Amigos, T.R. Dallas, Derek Ryan, The High Kings, Clíona Hagan agus Michael English le chéile, agus anuas air seo, beidh clár speisialta ann le réaltaí an Opry!

Rachaidh gach ceoltóir i mbun na n-amhrán is aitheanta dá gcuid, beidh ábhar nua eisiach ann agus gealltar dísréid speisialta agus comhoibriú den scoth. Cluinfear dísréad úr le hamhránaí traidisiúnta den scoth gach seachtain, ceolfaidh Daniel le haoi speisialta na hoíche agus arís eile, ceolfaidh sé roinnt amhráin mhóra dá chuid féin as Gaeilge!

Le breithlá 20 bliain TG4 a cheiliúradh, craolfar clár speisialta ‘Opry na Réaltaí’ ag tús na sraithe seo. Beidh ceannródaithe an cheoil tíre mar Ray Lynam, Brendan Quinn, Frank McCaffrey, Sandy Kelly agus Gloria ar ardán an Opry don chlár seo.

Fágann an grúpa ildánach The High Kings ardáin cheoil Nashville ina ndiaidh le dul ar ardán le Daniel do thaispeántas spleodrach a thógfaidh an ceann den halla. Beidh Nell Ní Chroinín, Corcaíoch mná agus an duine is óige riamh a bhain Gradam Amhránaí na Bliana de chuid TG4 ag ceol i nGaeilge ina gcuideachta.

Taifeadadh Opry an Iúir beo, os comhair lucht féachána in Iúr Cinn Trá agus chomh maith leis na léirithe beo seo, beidh meascán d’ábhar cartlainne, próifíleanna na gceoltóirí agus comhrá lena lucht leanúna sna cláir a chraolfar ar TG4.

Is léiriú de chuid Big Mountain Productions do TG4 é Opry an Iúir, atá maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved