Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

New documentary about non-surgical cosmetic procedures, Croí na Ceiste le Caoimhe, airs on BBC Two NI



Date Posted: January 26, 2021

Once considered a ‘treat’, non-surgical cosmetic procedures are rapidly becoming an indispensable part of many people’s beauty regime in Northern Ireland. In a new documentary, broadcaster and journalist Caoimhe Ní Chathail is on a mission to lay bare the facts about these procedures – who is getting them and why they are getting them. Croí na Ceiste le Caoimhe, made for BBC Gaeilge by Waddell Media with the support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, airs on Monday 1st February on BBC Two Northern Ireland at 10pm.

Aesthetic treatments such as Botox and lip fillers are now popular with many young people who see them as an accepted and normal way of stopping the ageing process or have tried to boost their self-esteem or because they feel pressure to look a certain way. Caoimhe also looks at who is providing these treatments, how safe they are and whether we care if it all goes wrong.

In the programme, Caoimhe talks to a number of people who regularly have the procedures done. She finds out why they do it and at what age young people are now considering facing the needle.

She asks if we’re under more pressure to look good – bombarded with social media images – and do we live in a society where we continually seek others’ approval? Can people become addicted to these treatments and is it more unusual now not to have tried something?

With the promise of fuller lips and fewer wrinkles it’s big business and there’s no shortage of non-surgical treatments available. Caoimhe speaks to practitioners in the industry about the pitfalls and dangers that can lurk behind the polished and shimmering salon doors and the need for anyone thinking of getting a treatment to research and to be informed beforehand. Viewers get to see close up what it’s like to get a treatment as we follow one contributor to a practice providing the service.

Croí na Ceiste le Caoimhe is on BBC Two Northern Ireland on Monday 1st February at 10pm.


Bhí an t-am ann agus rud is annamh agus is iontach a bhí ann gnáthamh cosmaideach, gan dul faoi scian, a bheith ag duine. Ach anois, ag muintir Thuaisceart Éireann, tá sé ag éirí lán chomh coitianta le dul chuig an ghruagaire nó chuig an spá. I gclár faisnéise úr de chuid BBC Gaeilge, tá Caoimhe Ní Chathail, craoltóir agus iriseoir, sa tóir ar an fhírinne faoi na gnáthaimh seo – cé atá á bhfáil agus cad chuige?

Beidh Croí na Ceiste le Caoimhe, arna chruthú ag Waddell Media ar son BBC Gaeilge le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann, le feiceáil ar BBC Two NI ar an 01 Feabhra ar 10i.n.

Tá an-éileamh ag cuid mhór daoine óga anois ar ghnáthaimh aeistéitice ar nós Botox agus líontóirí liopaí, agus glactar leo mar dhóigh inghlactha le bac a chur ar rian na mblianta, nó lena bhféinmheas a fheabhsú, nó go mothaíonn siad faoi bhrú cuma ar leith a bheith orthu. fiosraíonn Caoimhe fosta cé atá ag cur na gcóireálacha seo ar fáil, cé chomh sábháilte leo, agus cá bhfuil an réiteach má théann gach rud ar sceabha.

Sa chlár seo labhraíonn Caoimhe le roinnt daoine a bhíonn ag gabháil do na gnáthaimh seo ar bhonn rialta. Faigheann sí amach cad chuige a ndéanann siad é agus cén aois atá acu nuair a smaoiníonn siad air den chéad uair.

Fiafraíonn sí, an mó an brú ná riamh cuma mhaith a bheith orainn – íomhánna meáin shóisialta ag teacht sa mhullach orainn – agus an mairimid i sochaí ina n-iarraimid meas daoine eile? An féidir andúil a bheith againn sna cóireálacha seo agus an mionlach iad na daoine nár thriail riamh iad?

Tá airgead mór le saothrú as liopaí níos mó ach roic níos lú a ghealladh do dhaoine agus is iomaí sin gnáthaimh atá ar fáil. Labhraíonn Caoimhe le cleachtóirí de chuid an tionscail seo faoi na míbhuntáistí agus na contúirtí atá taobh thiar de dhoirse lonracha na sciamhlann agus gur gá do dhaoine a gcuid taighde a dhéanamh roimh ré má tá siad ag smaoineamh air. Agus faigheann an lucht féachana deis amharc go grinn ar dhuine amháin a théann chuig cleachtas le gnáthamh a fháil.

Beidh Croí na Ceiste le Caoimhe ar BBC Two NI ar an 01 Feabhra ar 10i.n.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved