Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

ILBF series Éadaí SOS challenges shopping-obsessed fashionistas



Date Posted: September 3, 2021

Caoimhe Ní Chathail and Proinsias Ó Coinn are on a mission to get us thinking differently about our wardrobes. Every year millions of tonnes of clothing are burned or dumped in landfill, yet for many of us our fast fashion addiction continues. In a new Irish Language Broadcast Fund series, Éadaí SOS, shopping-obsessed fashionistas are challenged to alter their habits and embrace more eco-friendly ways of indulging their passion for the latest trends.

The four-part series made by Waddell Media will air from Monday 6th September at 10pm on BBC Two Northern Ireland and on BBC iPlayer.

Each week, Caoimhe visits a lover of fast fashion, takes everything in their wardrobe away in a van – bar 10 items of clothing – and imposes a shopping ban for two weeks.

While Proinsias carries out an audit revealing just how little each person knows about their own clothes (and how many items they have) and how infrequently they wear a lot of outfits, over the course of the fortnight. Caoimhe sets about showing the shopaholics ways they can change their habits, re-purpose and recycle items and embrace sustainable fashion without sacrificing individual style.

In episode one, Caoimhe and Proinsias meet Donegal student Mollaí Ní Mhiacháin, who spends 80% of her income on clothes, and introduce her to the fashion treasure troves that are charity shops.

Episode two sees primary school teacher Corey Hanna from Derry reveal that she needs two rooms to house her clothing collection and feels so guilty about her shopping obsession that she hides her purchases from her mum.

Episode three features Belfast mum-of-two, Aoife Ní Mhuireagáin, who is obsessed with the latest trends not only for herself, but also for her young son and daughter.

And in episode four, influencer Chris Murphy from Meath, doesn’t recognise gender when it comes to clothes and loves to express himself through creative outfits. But he’s addicted to budget fast-fashion and has never really considered the impact of his choices on the environment.

With Caoimhe and Proinsias’ help, can the four shopaholics change their habits?


Tá sé mar aidhm ag Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn dearcadh an phobail a athrú maidir lena gcuid éadaí. Gach bliain, dóitear nó cuirtear na mílte tonna éadaí chuig líonadh talún, ach fós féin tá go leor againn gafa leis an fhaisean gasta. Le linn na sraithe, atá maoinaithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann, cuireann Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn, láithreoirí, dúshlán roimh cheathrar atá gafa le faisean ag tacú leo a gcuid éadaí a athúsáid, a athchúrsáil agus a laghdú.

Is sraith úr ceithre chlár í Éadaí SOS arna chruthú ag Waddell Media do BBC Gaeilge agus TG4. Craolfar an chéad eagrán den tsraith Éadaí SOS Dé Luain 6ú Meán Fómhair ag 10i.n ar BBC Two Northern Ireland agus ar an BBC iPlayer.

I ngach clár, dírítear ar dhuine amháin a bhfuil dúil as cuimse acu san fhaisean gasta a bhfuil a vardrús lán go doras agus nós acu feisteas nua a cheannach do gach ócáid.

Téann Caoimhe ar cuairt chuig teach an rannpháirtí ag tús gach clár, tógann sí agus a cuiditheoirí na héadaí uile ar shiúl leo le hanailís a dhéanamh orthu agus an rannpháirtí fágtha le 10 bpíosa éadaí a chaitheamh go ceann coicíse. Anuas air sin, tá cosc iomlán ar shiopadóireacht le linn na tréimhse.

Tugann fear na bhfigiúirí, Proinsias léargas ar líon na n-éadaí atá ag an rannpháirtí agus tugann sé staitisticí suntasacha faoina héadaí nach mbíonn caite chomh minic sin nó ar chor ar bith go fiú. Lena chois sin nochtar leideanna le héadaí a athnuachán le feisteas úrnua a chruthú.

Insan chéad eagrán, buaileann Caoimhe agus Proinsias le mac léinn as Tír Chonaill, Mollaí Ní Mhiacháin, a chaitheann 80% dá gcuid pá ar éadaí, agus cuireann siad bua na siopaí carthanachta ar a súile di.

Sa dara clár, cuireann siad aithne ar mhúinteoir i nDoire, Corey Hanna, a bhfuil dhá sheomra aici dá cuid éadaí agus a gcuireann rudaí úra i bhfolach nach bhfeicfidh a máthair iad.

Sa tríú eagrán, buaileann siad le máthair le beirt pháistí i mBéal Feirste, Aoife Ní Mhuireagáin, atá gafa leis an fhaisean is déanaí, ní amháin di féin ach dá hiníon agus dá mac óg fosta.

Agus san eagrán deireanach, caitheann siad seal le tionchaire na meán sóisialta Chris Murphy as Contae na Mí, a bhfuil a chuid éadaí mar chuid d’fhéiniúlacht s’aige, gan inscne. Tá sé go hiomlán gafa leis an fhaisean ar chostas íseal, agus níor smaoinigh sé riamh ar an tionchar a imríonn na nósanna sin ar an timpeallacht.

An mbeidh ár gcuid rannpháirtithe ábalta a gcuid nósanna a athrú amach anseo le cuidiú ó Chaoimhe agus ó Phroinsias?

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved