Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

I Lár an Aonaigh returns to BBC Two NI for its 10th series



Date Posted: November 9, 2021

I Lár an Aonaigh, the Irish language magazine series has reached an important milestone returning for its tenth series on BBC Two Northern Ireland from Monday 15th November at 10pm. The series was made for BBC Gaeilge by Below the Radar TV with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

Over the years the I Lár an Aonaigh team has showcased some of the best home-grown musical talent, featured a myriad of topical stories and had conversations with a diverse mix of special guests.

Over seven weeks, presenters Máire Bhreathnach and Dáithí Ó Muirí – who have just picked up the TV Personality and Radio Personality Of The Year Awards at Gradaim Chumarsáide an Oireachtais (Irish Language Media Awards) – are joined by Lynette Fay, Seán Ó Baoill and Conall Ó Máirtín promising to warm up the long autumn evenings yet again each Monday night with plenty of intimate chat, stories and local musical artists.

To mark the tenth series and bring us into the New Year I Lár an Aonaigh will broadcast a music special on Monday 27th December where Máire and Dáithí will look back at some of the great Irish artists who featured throughout the years, from Picture This, to Honeyfeet, Saint Sister and Breaking Trad.

The seven new episodes will include a variety of special guests including well-known actor Diarmuid De Faoite, children’s writer Patricia Forde, broadcaster and podcaster Sinéad Ní Uallacháin, actor and puppeteer Darach Ó Tuairisg, sports presenter Máire Ní Bhraonáin and author Éilís Ní Dhuibhne.

There will also be music to suit everyone’s taste, from traditional music to blues and soul. I Lár An Aonaigh will hear from sister-act Sisterix, up and coming Armagh musician Ódhran Murphy, new music from Cork musician Jack O’Rourke, Derry based indie-pop artist Reevah, new-age folk musician Claire Sands and pop singer-songwriter Gemma Bradley. Additional tracks recorded by each of the artists will be available to watch online at www.bbc.co.uk/gaeilge or on the BBC Gaeilge Facebook page.

Series Producer Ceara Ní Choinn said: “We are delighted to be bringing back I Lár an Aonaigh once again and to celebrate the outstanding achievement of 10 seasons. This series once again features a wide range of stories, from looking back at the life of musical icon Seán Ó Riada to the history of Drag and exploring the increase of women participating in combat sports. We are also very excited to round the series off with a music special with some of the most memorable musicians down through the years, and there were so many to choose from!”


Tá cloch mhíle thábhachtach sroichte ag an irischlár de chuid an BBC, I Lár an Aonaigh – agus í ag filleadh don deichiú sraith ar BBC Two NI, Dé Luain 15 Samhain ar 10 i.n. Is léiriú de chuid Below The Radar TV do BBC Gaeilge é I Lár an Aonaigh, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Chuir foireann I Lár an Aonaigh cuid de na ceoltóirí is fearr de chuid na tíre seo i láthair thar na blianta, le meascán mearaí de scéalta tráthúla agus comhráití le haíonna éagsúla.

Ar feadh seacht seachtaine, beidh Lynette Fay, Seán Ó Baoill agus Conall Ó Máirtín i gcuideachta na láithreoirí, Máire Bhreathnach agus Dáithí Ó Muirí, ar bronnadh Pearsa Teilifíse na Bliana agus Pearsa Raidió na Bliana orthu ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais le déanaí, le meascán de scéalta, de chomhrá agus de thaibhithe. Cé go bhfuil an aimsir ag éirí dorcha gruama, beidh an t-irischlár Gaeilge seo ann gach oíche Luain le spraoi agus spleodar a chur ionat le seanchas, scéalta agus ceol áitiúil.

Craolfar clár speisialta ceoil Dé Luain 27 Nollaig don deichiú sraith agus le fáilte a chur roimh an Bhliain Úr. Beidh Máire agus Dáithí ag amharc siar ar chuid de na ceoltóirí Éireannacha ab fhearr a bhí ann thar na blianta, lena n-áirítear Picture This, Honeyfeet, Saint Sister agus Breaking Trad.

Sa tsraith seacht seachtaine, beidh réimse d’aíonna speisialta. Ina measc siúd beidh an t-aisteoir aitheanta Diarmuid De Faoite, scríbhneoir do pháistí Patricia Forde, craoltóir agus podcraoltóir Sinéad Ní Uallacháin, aisteoir agus puipéadóir Darach Ó Tuairisg, láithreoir spóirt Máire Ní Bhraonáin agus údar Éilís Ní Dhuibhne.

Beidh ceol ann leis an chluas is beadaí a shásamh, ó cheol traidisiúnta go gormacha agus anamcheol. Cluinfimid ó bheirt deirifiúracha Sisterix, an ceoltóir óg rathúil ó Ard Mhacha Ódhran Murphy, ceol úr ón Chorcaíoch Jack O’Rourke, an banna ceoil indie-pop Reevah, ceol traidisiúnta nua-aoiseach ó Claire Sands, agus an pop-cheoltóir, scríbhneoir amhrán Gemma Bradley. Beidh rianta breise taifeadta ag na grúpaí seo uilig ar fáil le breathnú ar líne ar bbc.co.uk/gaeilge nó ar leathanach Facebook BBC Gaeilge.

Arsa léiritheoir na sraithe, Ceara Ní Choinn: “Tá an-áthas orainn bheith ag teacht ar ais le sraith eile de I Lár an Aonaigh agus as an éacht iontach leis an deichiú sraith a bhaint amach. Beidh réimse leathan de scéalta fíorspéisiúla ann sa tsraith seo: amharc siar ar shaol an mhórphearsa cheoil, Seán Ó Riada, stair na n-ealaíontóirí draig, agus fiosrú méid na mban ag glacadh páirte sna healaíona comhraic. Tá muid ar bís go gcuirfidh muid an dlaoi mhullaigh ar an tsraith le clár speisialta ceoil ina mbeidh cuid de na ceoltóirí ab fhearr a bhí inár gcuideachta thar na blianta, agus bhí an oiread acu ann!”

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved