Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

I Lár an Aonaigh, BBC Two Northern Ireland, Monday 7 November, 10pm



Date Posted: October 31, 2016

I Lár an Aonaigh, returns to BBC Two Northern Ireland on Monday 7th November at 10pm.

The magazine-style programme promises to warm up the long autumn evenings each Monday night with plenty of chat, stories and local music. The six-part series received funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

Presenters Máire Bhreathnach and Tomaí Ó Conghaile are joined by Lynette Fay, Dáithí Ó Muirí and Conall Ó Máirtín with a mix of stories, conversation and performances.

The series will include a variety of special guests including singer, Mairéad Ní Mhaonaigh, dancer and choreographer Sibéal Davitt, the actor and film director Linda Bhreathnach, author Myra Zepf, singer and songwriter John Spillane and author Alex Hijmans.

There will also be music to suit everyone’s taste, from traditional music to blues and soul. The series will also feature south Armagh traditional musicians, Bothán, Blues duo, Blackbird and Crow, indie folk group Jealous of the Birds, jazz and soul music performed by Ríoghnach Connolly and Honeyfeet and new music from Dublin band, The Riptide Movement. Extra tracks recorded by each of the groups will be available to watch online at bbc.co.uk/gaeilge or on the BBC Gaeilge Facebook page.

Series Producer Michael Fanning said: “We are delighted to be bringing back an autumn series of I Lár an Aonaigh and once again the series features a wide range of interesting stories, from looking back at the Chernobyl disaster which occurred 30 years ago, to the Islandmagee Witches and the history of the Defibrillator. We are also very excited to have the music in the studio for the autumn series and it sounds great.”

I Lár an Aonaigh is a Below The Radar TV production for BBC Northern Ireland with funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

____________________________________________________________________________

I Lár an Aonaigh BBC Two NI, Dé Luain 7 Samhain, 10i.n.

Beidh I Lár an Aonaigh ag filleadh ar BBC Two NI Dé Luain 7 Samhain ar 10 i.n..

Cé go bhfuil an aimsir ag éirí dorcha gruama, beidh an t-irischlár Gaeilge seo ann gach oíche Luain le spraoi agus spleodar a chur ionat le neart seanchais, scéalta agus ceoil áitiúil. Tá maoiniú faighte ag an tsraith sé chlár ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Beidh Lynette Fay, Dáithí Ó Muirí agus Conall Ó Máirtín i gcuideachta na láithreoirí, Máire Bhreathnach agus Tomaí Ó Conghaile, le meascán de scéalta, de chomhrá agus de thaibhithe.

Beidh réimse aíonna speisialta sa tsraith, lena n-áirítear Mairéad Ní Mhaonaigh, amhránaí, Sibéal Davitt, damhsóir agus cóiréagrafaí, Linda Bhreathnach, aisteoir agus stiúrthóir scannán, Myra Zepf, údar, John Spillane, amhránaí agus cumadóir amhrán, agus Alex Hijmans, údar.

Beidh ceol ann leis an chluas is beadaí a shásamh, ó cheol traidisiúnta go gormacha agus anamcheol. Cluinfimid ó bhanna traidisiúnta ó Ard Mhacha, Bothán, ón dísreach Gormacha Blackbird and Crow, ón ghrúpa ceol tíre indie, Jealous of the Birds, beidh snagcheol agus anamcheol againn ó Ríoghnach Connolly agus Honeyfeet agus ceol úr ó The Riptide Movement, banna ó Bhaile Átha Cliath. Beidh rianta breise taifeadta ag na grúpaí seo uilig ar fáil le breathnú ar líne ar bbc.co.uk/gaeilge nó ar leathanach Facebook BBC Gaeilge.

Arsa léiritheoir na sraithe, Michael Fanning: “Tá an-áthas orainn bheith ag teacht ar ais le sraith an fhómhair de I Lár an Aonaigh agus arís eile, beidh réimse leathan de scéalta fíorspéisiúla ann, ó amharc siar ar Thubaiste Chernobyl a tharla 30 bliain ó shin, go dtí Cailleacha Feasa Oileán Mhic Aoidh agus stair an dífhibrileora. Chomh maith leis sin, táimid an-tógtha faoin cheol a bheith sa stiúideo againn agus ceol den scoth atá ann.”

Is léiriú de chuid Below The Radar TV do BBC Northern Ireland é I Lár an Aonaigh, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved