Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

BBC Gaeilge Irish language commissioning brief



Date Posted: January 4, 2017

BBC Gaeilge is currently seeking programme ideas from independent television companies who have experience in producing the following content which will be considered for submission to Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF). The deadline for submission of ideas to Editor, BBC Gaeilge Friday 10th February 2017 at 12pm.

60’ FACTUAL DOCUMENTARY

This commissioning round offers producers an opportunity to add to the strong portfolio of 60’ Irish Language documentaries for broadcast on Sunday nights at 2200 on BBC 2 NI.

Documentaries which re-examine historical events in a contemporary tone such as Mary McAleese & An Chéad Eorpach, Eoin Mac Néill – Fear Dearmadta 1916, Faoi Gheall ag Éirinn, Cú Chulainn: Laoch Uladh have been appreciated by our audiences.

There is an opportunity to discuss and propose other documentaries of this ilk in this commissioning round, but more particularly focusing on documentaries with contemporary storylines and themes. Budget: Up to £75,000 per episode (including non-contributable broadcaster overheads).

30’ DOCUMENTARY SINGLES / SERIES

It remains a priority to create a portfolio of 30’ singles or series across a variety of genre and topics. Producers should consider submitting proposals on subjects and topics that will engage and be relevant to as wide an audience as possible.

Ideas should reflect the normal, the extraordinary and the surprising elements of contemporary life in NI and beyond. As such, proposals should not rely on historical contexts and events to tell the story. The ambition is to schedule this newly-commissioned content in Autumn / Winter 2017.

The regular broadcast slot for 30’ programming is at 2200 on Monday nights on BBC Two NI. Opportunities exist to commission single 30’ documentaries in particular, made by skilled film-makers, telling the stories of what is really going on in their worlds.

These films will explore and reflect contemporary local life in all its varieties, forms, people and places. They will provide new perspectives on and challenge our perceptions of life in Northern Ireland today. Real people and real experiences are at the heart of these films. These will be human interest stories that the audience will care about; they will thrill us, make us laugh, make us cry, and make us think. The strength in these films will be their ability to stimulate emotion for ordinary people who have a unique story to tell. Contemporary tone, universal themes, thought provoking questions, debate, inspiration and revelation are all key elements to the construct of these films.

For reference, consider those films commissioned and produced for the BBC NI ‘True North’ strand. Single documentaries and series commissioned previously include Múinteoirí, Píobairí Ard Mhacha, Taobh Thiar den Gheansaí, Tóchair an tSaoil. Budget: Up to £35,000 per programme (including non-contributable broadcaster overheads).

FACTUAL ENTERTAINMENT SERIES

Lifestyle and factual entertainment series should be energetic and ensure a loyal audience returning week after week.

Series which involve people participating, contributing and experiencing, as opposed to presenter-led exploration, are preferred in this commissioning round. Series commissioned previously include Ar Scáth na Sléibhte, Ar Bhealach na Gaeltachta, Ar Mo Bhealach Féin.

Topics to consider: travel, sport, natural history, science, the arts, hobbies. We are looking for new formats, faces and ideas.

Budget: Up to £35,000 per episode (including non-contributable broadcaster overheads)

SUBMITTING YOUR IDEAS

BBC Pitch is the established tool for submitting ideas to BBC NI. All proposals should be discussed with Editor, BBC Gaeilge ahead of the deadline for submission on BBC Pitch on Friday 10th February, 2017 at 1200 midday.

BBC Gaeilge will communicate all outcomes for your ideas should they be shortlisted for further development, for pitching to the commissioning team, or rejected. Any queries about submitting ideas on BBC Pitch should be directed to [email protected].

____________________________________________________________________________

Ba mhaith le BBC Gaeilge, i gcomhar leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), cuireadh a thabhairt do chomhlachtaí neamhspleácha moltaí a chur faoina mbráid sna réimsí clár seo a leanas. Is comhlachtaí neamhspleácha lonnaithe i dTuaisceart Éireann a léireoidh na cláir seo agus déanfaidh an CCG agus BBC Gaeilge cómhaoiniú orthu. Is é Dé hAoine 10 Feabhra 2017, 12i.n. an spriocdháta le haghaidh iarratais.

SCANNÁN FAISNÉISE FÍORASACH 60’

Cuireann an babhta coimisiúnaithe seo deis ar fáil do léiritheoirí cur leis an phunann láidir scannán faisnéise Gaeilge 60’ atá le craoladh oícheanta Domhnaigh ag 2200 ar BBC 2 NI.

Bhí dúil ag an lucht féachana i scannáin faisnéise a dhéanann athscrúdú ar eachtraí stairiúla ar dhóigh nua-aimseartha amhail Mary McAleese & An Chéad Eorpach, Eoin Mac Néill – Fear Dearmadta 1916, Faoi Gheall ag Éirinn agus Cú Chulainn: Laoch Uladh. Tá deis sa bhabhta coimisiúnaithe seo le scannáin faisnéise eile den chineál chéanna a phlé agus a mholadh, ach cuirfear fáilte roimh scannáin a bhfuil téamaí agus scéalaíocht níos comhaimseartha acu ach go háirithe sa bhabhta seo.

Buiséad: Suas le £75,000 sa chlár (lena n-áirítear forchostais neamh-inranníoctha an chraoltóra).

CLÁIR AONAIR / SRAITHEANNA DE SCANNÁIN FHAISNÉISE 30’

Is é an tosaíocht ná punann de chláir aonair nó de shraitheanna 30’ a chruthú thar réimse seánraí agus topaicí. Ba chóir do léiritheoirí moltaí a chur isteach ar ábhair agus ar thopaicí a mbeidh spéis ag an oiread daoine agus is féidir iontu, cláir a bheas ábhartha don lucht féachana is leithne agus is féidir.

Ba chóir go léireodh na smaointe seo gnéithe éagsúla de shaol ár linne i dTuaisceart Éireann agus in áiteanna eile: idir na gnáthghnéithe, na gnéithe neamhchoitianta agus na gnéithe a chuirfidh iontas ar dhaoine. Mar sin de, níor chóir go mbeadh moltaí ag brath ar chomhthéacsanna agus ar eachtraí stairiúla leis an scéal a insint. Táthar ag dúil leis an inneachar nua-choimisiúnaithe a sceidealú i bhfómhar / i ngeimhreadh 2017.

Tá an sliotán ama rialta craolacháin do chláir 30’ go fóill ag 2200 oíche Luain ar BBC Two NI. Tá deiseanna ann go háirithe le scannáin faisnéise aonair 30’ a chóimisiúnú, déanta ag scannánóirí oilte, scannáin a insíonn scéalta faoi na rudaí atá thart timpeall orthu ina saol féin.

Déanfaidh na scannáin seo saol na linne sa cheantar áitiúil a fhiosrú agus a léiriú, gach cineál, foirm, duine agus áit dá bhfuil ann. Cuirfidh siad peirspictíochtaí nua ar fáil agus tabharfaidh siad dúshlán na seandearcthaí maidir leis an tsaol i dTuaisceart Éireann inniu. Is fíordhaoine agus fíoreispéiris atá i gcroílár na scannán seo. Is scéalta daonna iad, scéalta a mbeidh croí an lucht féachana iontu; beidh muid corraithe, beidh muid ag gáire, beidh muid ag caoineadh agus beidh muid ag smaoineamh. Is é láidreacht na scannán seo ná go mbeidh siad ábalta mothúcháin a spreagadh do ghnáthdhaoine a bhfuil scéal uathúil le hinsint acu. Stíl chomhaimseartha, téamaí uilíocha, ceisteanna a spreagann smaointe, díospóireacht agus inspioráid agus a nochtann fírinne a bhí faoi cheilt, is iad sin na príomhghnéithe a bhaineann le scannán den chineál seo a chruthú.

Mar phointe tagartha, smaoinigh ar na scannáin a coimisiúnaíodh agus a léiríodh don dual ‘True North’ de chuid BBC NI. Ar na scannáin faisnéise aonair agus na sraitheanna a coimisiúnaíodh roimhe seo, tá Múinteoirí, Píobairí Ard Mhacha, Taobh Thiar den Gheansaí, Tóchair an tSaoil.

Buiséad: Suas le £35,000 an clár (lena n-áirítear forchostais neamh-inranníoctha an chraoltóra)

SRAITH SHIAMSAÍOCHT FHÍORASACH

Sraith stíl bheatha agus siamsaíocht fhíriciúil, ar chóir dó bheith bríomhar agus ar chóir dó lucht féachana dílis a chinntiú, atá sásta amharc ar an chlár seachtain i ndiaidh seachtaine. Is é ab fhearr linn sa bhabhta coimisiúnaithe seo, ná sraitheanna ina mbíonn daoine rannpháirteach i rudaí, ag obair le rudaí a chur i gcrích agus ag baint triail as rudaí nua, in áit fiosrúcháin atá stiúrtha ag láithreoir.

I measc na sraitheanna a coimisiúnaíodh roimhe seo, tá Ar Scáth na Sléibhte, Ar Bhealach na Gaeltachta, Ar Mo Bhealach Féin.

Topaicí le tabhairt san áireamh: taisteal, spórt, saol an dúlra, eolaíocht, na healaíona, caitheamh aimsire. Tá muid ar lorg formáidí, aghaidheanna agus smaointe úra.

Buiséad: Suas le £35,000 sa chlár (lena n-áirítear forchostais neamh-inranníoctha an chraoltóra)

DO CHUID SMAOINTE A CHUR ISTEACH

Is é BBC Pitch an uirlis ar socraíodh uirthi le smaointe a chur faoi bhráid BBC NI. Ba chóir gach moladh a phlé leis an Eagarthóir, BBC Gaeilge roimh an spriocdháta lena chur isteach ar BBC Pitch, Dé hAoine 10ú Feabhra, 2017 ag 12 meán lae.

D’fhéadfaí do chuid smaointe a chur ar an ghearrliosta le tuilleadh forbartha a fháil, a dhiúltú nó a choimisiúnú. Cibé rud atá i ndán dóibh, cuirfear an toradh sin in iúl duit. Ba chóir ceist ar bith maidir le smaointe a chur isteach ar BBC Pitch, ba chóir iad a chur chuig: [email protected].

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved