Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Organ donation documentary to air on BBC Two NI



Date Posted: January 9, 2020

Croí Briste, meaning Broken Heart in Irish, is a new 30-minute observational documentary which highlights the issue of organ donation through the story of three-year-old Belfast boy, Dáithí Mac Gabhann who is currently on the waiting list for a heart transplant.

Dáithí is among the 200 children born every year in Northern Ireland with a heart condition and who requires a donor heart in order to survive. Every year 15 people die in Northern Ireland while waiting for an organ transplant. Dáithí’s parents Máirtín Mac Gabhann and Seph Ní Mhealláin are raising awareness of the need for more people to sign up to the NHS organ donation register through a campaign they started in July.

Croí Briste was made for BBC Gaeilge by Clean Slate Productions with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and will be broadcast on BBC Two Northern Ireland on Monday 13th January at 10pm.

On the 21st October 2016, Dáithí was born with a rare heart condition known as hypoplastic left heart syndrome which meant that the left side of his heart wasn’t developing properly. They were informed that Dáithí would need three major operations in order to survive; the first when he was born, the second at around six-months old and the third when he was between four and six years old.

Croí Briste follows the family for 18 months, from the beginning of their campaign until Dáithí’s first day at school in October 2019, a day his parents had wished for when he was born. Viewers are given an insight into the lives of parents of a sick child, never knowing what each day will bring and always waiting for the phone call that could save their child’s life.

Dáithí was presented with the British Heart Foundation’s ‘Young Heart Hero’ Award at a ceremony in London in October 2019.

Croí Briste airs on Monday 13th January at 10pm on BBC Two Northern Ireland.


Clár faisnéise deonaithe orgán le haistriú ar BBC Two NI

Is clár faisnéise breathnaitheach úr é Croí Briste ina dtarraingítear aird ar cheist deonú orgáin trí scéal gasúr trí bliana d’aois as Béal Feirste, Dáithí Mac Gabhann. I láthair na huaire tá Dáithí ar an liosta feithimh faoi choinne trasphlandú croí.

Tá Dáithí i measc an 200 páiste a thagann ar an saol gach bliain i dTuaisceart Éireann a bhfuil fadhb croí acu. Lena chois sin, ar an drochuair, tá sé i measc na bpáistí a bhfuil croí deonaithe de dhíth orthu má tá siad le teacht slán. Gach bliain faigheann thart faoi 15 dhuine bás i dTuaisceart Éireann agus iad ag fanacht le trasphlandú orgáin. Tá tuismitheoirí Dháithí, Máirtín Mac Gabhann agus Seph Ní Mhealláin, ar na daoine atá ag ardú feasachta faoin ghá atá le tuilleadh daoine a bheith ar chlár deonú orgáin an NHS tríd an fheachtas a thosaigh siad i mí Iúil 2018.

An comhlacht léiriúcháin Clean Slate Television a rinne Croí Briste do BBC Gaeilge le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann agus craolfar é ar BBC Two NI Dé Luain 13 Eanáir ar 10i.n.

In 2016, bhí lúcháir an domhain orthu nuair a fuair siad amach go raibh siad ag dúil le leanbh. Chuaigh siad chuig an ghnáth-scan 20 seachtain agus iad ag iarraidh a fháil amach cé acu gasúr nó girseach a bhí ann. Fuair siad amach go raibh siad ag dúil le mac ach ba mhór a gcrá nuair a fuair siad amach go raibh fadhb iontach annamh ag an leanbh ar a dtugtar siondróm hipeapláiseach croí clé, a chiallaíonn nach raibh an taobh clé dá chroí ag forbairt mar is ceart. Cuireadh in iúl dóibh go mbeadh trí mhór-obráid de dhíth ar Dháithí le teacht slán; an chéad obráid ar theacht ar an saol dó, an dara ceann agus é thart faoi 6 mhí d’aois agus an tríú hobráid agus é idir 4 agus 6 bliana d’aois.

In Croí Briste, leanaimid an teaghlach ar feadh 18 mí, ó thús an fheachtais acu go dtí an chéad lá ag Dáithí ar scoil i nDeireadh Fómhair 2019, lá a raibh a thuismitheoirí ag dúil go mór leis ó rugadh é. Faigheann an lucht féachana léargas ar shaol tuismitheoirí a bhfuil a bpáiste tinn, gan fhios acu ó lá go lá cad é atá i ndán dó agus ag fanacht leis an scairt ghutháin a shábhálfadh a bheo.

Bronnadh Gradam ‘Laoch Óg Croí/ Young Heart Hero’ ar Dháithí ar shearmanas i Londain i nDeireadh Fómhair 2019.

Beidh Croí Briste le feiceáil ar BBC 2 Northern Ireland Dé Luain, 13 Eanáir ar 10i.n.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved