Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Glúin Nua: new commissioning fund to support emerging talent to create short-form content in the Irish language



Date Posted: July 10, 2020

A new commissioning and mentorship fund to support up and coming talent in the industry has been launched by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund in partnership with TG4, the Broadcasting Authority of Ireland (BAI), Údarás na Gaeltachta and in association with Gréasán na Meán Skillnet. Glúin Nua is being launched today at the Galway Film Fleadh, which is presented online this year.

The initiative will provide a commissioning fund and mentoring support to support new talent in the Irish audio-visual industry. Under the scheme, production companies can develop and give mentorship to a new generation of storytellers, supporting them to create innovative and original Irish-language content for audiences in the 16-34 age bracket.

The content will have a digital-first release on TG4’s online platforms, as well as receiving a subsequent linear broadcast where relevant. This commissioning fund to a total value of €240,000 is supported by TG4, the Broadcasting Authority of Ireland (BAI), Northern Ireland Screen’s ILBF and Údarás na Gaeltachta, and in association with Gréasán na Meán Skillnet.

Áine Walsh, Head of the Irish Language Broadcast Fund (ILBF) at Northern Ireland Screen said ‘Skills development and training are core elements of the work of the ILBF and we are delighted to be a partner in this unique initiative which will enable new and emerging Irish speaking talent to be nurtured by established production companies. We have put increasing emphasis on funding content aimed at a young audience and are excited to see the innovative programming that this new cohort of talent produces.

Lís Ní Dhálaigh, Director of Marketing, Development and Partnerships in TG4 said: “TG4 is pleased to announce this scheme to support new talent in the sector. A priority for TG4 is to strengthen our appeal for younger audiences and also to support a new generation of content creators in the industry.”

CEO of the Broadcasting Authority of Ireland, Michael O’Keeffe said: “The BAI is delighted to support Glúin Nua, an innovative mentorship programme which will enable emerging directors and writers to develop in the audio-visual sector and create new and exciting Irish language content that is targeted to appeal to young audiences. We are particularly supportive of the partnership element of the programme, and we look forward to joining with TG4, NI Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Údarás na Gaeltachta and Gréasán na Meán Skillnet to nurture and encourage new Irish-language practitioners as they enter the industry. We consider this partnership proposal to be of significant strategic value to the Broadcasting Authority of Ireland (BAI), furthering the objectives of Promoting Diversity and Plurality and Enhancing Innovation & Sectoral Sustainability. Furthermore, the initiative directly supports the aims and objectives of the BAI Irish Language Action Plan, which was launched in 2019 in order to support Irish Language development across the Irish audio-visual sector.”

Mícheál Ó hÉanaigh, CEO, Údarás na Gaeltachta stated: “Údarás na Gaeltachta is delighted to support the ‘Glúin Nua’ scheme which will provide growth opportunities for the audiovisual sector, a sector which we have supported for many years. We are very happy to be collaborating with our partner colleagues on this scheme, a scheme which will provide opportunities for young people to start out in this sector in an innovative and exciting manner. For many years, we have placed a significant emphasis on training and development of the next generation in learning their trade for the benefit of the Irish language and the Gaeltacht, this scheme will support that objective also.’

Full details of the Glúin Nua requirements are available here: http://www.tg4.ie/coimisiun


Glúin Nua: Ciste Maoinithe Seolta do stiúrthóirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí nua le hábhar gearrfhoirme a chruthú trí mheán na Gaeilge

Tá ciste maoinithe & meantóireachta seolta chun tacaíocht a thabhairt do thallann nua stiúrthóirí, scríbhneoirí agus léiritheoirí atá teacht chun cinn sa tionscal ag Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, i gcomhpháirtíocht le TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann, Údarás na Gaeltachta agus le tacaíocht ó Ghréasán na Meán Skillnet.  Seoladh Glúin Nua ag Fleadh Scannán na Gaillimhe inniu mar chuid de Fleadh na bliana seo atá ar siúl ar líne ón 7 go dtí an 12 Iúil.

Faoin tionscnamh seo cuirfear ciste coimisiúnaithe agus tacaíocht meantóireachta ar fáil chun tallann nua a chothú i dtionscal closamhairc na hÉireann. Beidh comhlachtaí léiriúcháin ábalta glúin nua de scéalaithe a thabhairt chun cinn mar aon le meantóireacht a thabhairt dóibh, d’fhonn tacú leo bunábhar Gaeilge nuálach dírithe ar an aoisghrúpa 16-34.

Taispeánfar an t-ábhar seo go digiteach ar ardáin TG4 ar líne ar dtús, chomh maith len é a chraoladh go líneach ina dhiaidh sin nuair is cuí.  Is trí chomhpháirtíocht idir TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann (ILBF) agus Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet a chuirtear tacaíocht ar fáil don chiste coimisiúnaithe seo ar fiú €240,000 ar an iomlán é.

Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann: ‘Is príomhghnéithe d’obair an ILBF iad scileanna a fhorbairt agus oiliúint agus tá an-áthas orainn a bheith inár gcomhpháirtithe sa tionscnamh ar leith seo trína mbeidh comhlachtaí léiriúcháin bunaithe ábalta tallann nua agus tallann atá ag teacht chun cinn a bhfuil Gaeilge acu a chothú. Tá béim níos mó curtha againn ar ábhar a mhaoiniú atá dírithe ar lucht spéise níos óige agus táimid ag súil leis na cláir a thiocfaidh as an ngrúpa nua de thallann seo a fheiceáil.’

Dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta & Forbartha TG4: “Tá áthas ar TG4 an scéim seo a fhógairt chun tacaíocht a thabhairt do thallann nua san earnáil. Is tosaíocht é do TG4 go mbeadh an cainéal ag freastal ar an lucht féachana níos óige chomh maith le go mbeadh tacaíocht a thabhairt do ghlúin nua de lucht cruthaithe ábhair sa tionscal.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach, Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keeffe: “Tá áthas ar an BAI tacú leis an scéim seo, Glúin Nua, ciste tacaíochta a spreagfaidh glúin nua de stiúrthóirí, scríobhnóirí agus léiritheoirí i réimse na mean; agus a thabharfaidh ábhar núálach, siamsúil chun cinn dírithe ar an lucht féachana óg. Cuirimíd fáilte ar leith roimh an ghnéith comhpháirtíochta a baineann leis an togra, agus tá muid ag súil le co-oibriú le Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, Údarás na Gaeltachta, TG4 agus Gréasán na Meán Skillnet le tacú le daoine atá ag tosú amach sa ghnó. Tá luach straitéiseach ag baint leis an togra seo don BAI, le cuspóirí maidir le hÉagsúlacht agus Iolracht a chur chun cinn agus Inbhuanaitheacht Nuálaíochta & Earnála a Fheabhsú. Chomh maith leis sin, cuireann an tionscnamh tacaíocht dhíreach ar fáil maidir le haidhmeanna agus cuspóirí Phlean Gníomhaíochta an BAI don Ghaeilge, a seoladh in 2019 chun tacaíocht a chur ar fáil i ndáil le forbairt na Gaeilge ar fud earnáil closamhairc na hÉireann.”

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Tá Údarás na Gaeltachta fíorshásta a bheith rannpháirteach sa scéim “Glúin Nua”, scéim a chuirfidh deiseanna fáis ar fáil don earnáil chlosamhairc, earnáil a bhfuil muid ag tacú léi le fada an lá. Is cúis áthais dúinn a bheith i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara cuí ar an scéim seo chun deiseanna a chruthú do dhaoine óga le Gaeilge agus ón nGaeltacht le tosú amach san earnáil seo ar bhealach nuálaíoch agus spleodrach. Le blianta fada anuas, leagadh béim ar leith ar oiliúint agus traenáil a chur ar an gcéad ghlúin eile i bhfoghlaim ceirde rud a rachaidh chun sochair na teanga agus na Gaeltachta, tacóidh an scéim seo leis an gcuspóir sin chomh maith.”

Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis an scéim Glúin Eile a fháil anseo: https://tg4.ie/coimisiun

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved