Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Féile: 30 Bliain ag Fás (Féile: 30 Years of Growth), Sunday 28 October, 10.30pm, BBC Two Northern Ireland



Date Posted: October 24, 2018

Since it began in 1988, Féile an Phobail in West Belfast has grown into one of the biggest community festivals in Europe.

That first Féile was a day-long celebration with a carnival parade made up of local young people and a public party in Dunville Park. Now, 30 years later, a year-round programme culminates in a two-week festival attracting participants and visitors from all over the world.

With contributions from directors, volunteers and participants both past and present, Féile: 30 Bliain ag Fás (BBC Two Northern Ireland, Sunday 28 October, 10.30pm) traces the success of the festival from its inception during the dark days of the Troubles to the present day with big star performers and cultural spin-offs in art, theatre, film and radio.

Féile: 30 Bliain ag Fás is a Dearcán Media production for BBC Gaeilge made with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

Féile an Phobail was originally created to counteract a view held by some that West Belfast was a sort of ‘insular terrorist community’ closed off from everywhere else.

Also, every year around 9 August (the anniversary of the 1971 introduction of internment), there was serious trouble in the area resulting in injury and often death.

The initial ambition of Féile was to replace this unrest with a broad programme of community-based cultural and artistic activities to celebrate the area’s creativity and also dissolve negative energy and perceptions.

Today’s Feile has an additional role – bringing communities together by using arts and culture to displace conflict and to give artists of all genres (and all backgrounds) a platform to showcase their talent.

An event which first began at a very dark time, and for a single community, now welcomes participants and audiences from both sides of the Northern Ireland political divide.

As one of the organisers says: “The festival roots are still firmly in the community, but now there is no limit to the term community.” 


Féile: 30 Bliain ag Fás (Féile: 30 Years of Growth) Dé Domhnaigh 28 Deireadh Fómhair, 1030 i.n, BBC Two Northern Ireland.

Tá Féile an Phobail ag fás léi ó thosaigh sí sa bhliain 1988, agus anois, is ceann de na féilte pobail is mó san Eoraip í.

Is é a bhí sa chéad Fhéile sin ná ceiliúradh lae le mórshiúl carnabhail de dhaoine óga agus cóisir phoiblí i bPáirc Dunville. Anois, 30 bliain ina dhiaidh sin, bíonn clár imeachtaí ag dul ar aghaidh i rith na bliana, agus bíonn féile dhá sheachtain mar bhailchríoch air sin, féile a mbíonn rannpháirtithe agus cuairteoirí ag tarraingt uirthi ó gach aon chearn den domhan.

Sa chlár Féile: 30 Bliain ag Fás (BBC Two Northern Ireland, Dé Domhnaigh 28 Deireadh Fómhair, 10.30 i.n.), cluinfear ó stiúrthóirí, ó shaorálaithe agus ó dhaoine a bhí agus atá rannpháirteach san fhéile, agus déantar cur síos ar rath na féile óna tús le linn laethanta dorcha na dTrioblóidí go dtí an lá atá inniu ann, nuair a bhíonn réaltaí ollmhóra ar an ardán ann, agus bíonn a thionchar cultúrtha le feiceáil ar an ealaín, ar an amharclannaíocht, ar an scannánaíocht agus ar an raidió.

Cruthaíodh Féile an Phobail den chéad uair leis an dearcadh a bhí ag daoine áirithe a bhréagnú gur cineál ‘pobal scoite sceimhlitheoirí’ a bhí in Iarthar Bhéal Feirste, áit nach raibh baint ná páirt aici leis an tsaol mhór amuigh.

Is léiriú de chuid Dearcán Media é Féile: 30 Bliain ag Fás agus rinneadh é do BBC Gaeilge le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.

Ní hamháin sin, ach gach bliain, thart ar an 9ú Lúnasa, (cothrom thabhairt isteach an imtheorannaithe sa bhliain 1971) bhíodh círéibeacha olca sa cheantar, ar gortaíodh daoine (agus níorbh annamh a maraíodh daoine) iontu.

An bhunaisling a bhí ag an Fhéile ná clár leathan de ghníomhaíochtaí cultúrtha agus ealaíonta bunaithe sa phobal a chur in áit na trioblóide seo, le cruthaitheacht an cheantair a cheiliúradh agus le deireadh a chur leis an fhuinneamh dhiúltach agus leis an dearcadh dhiúltach seo.

Tá ról breise ag Féile an lae inniu – úsáid a bhaint as na healaíona agus as an chultúr le pobail a thabhairt le chéile agus leis an choimhlint a ruaigeadh, agus le hardán a thabhairt d’ealaíontóirí de gach seánra (agus de gach cúlra) a dtallann a chur i lár an aonaigh.

Is féile í a thosaigh le linn tréimhse dhorcha agus a bhí dírithe ar phobal amháin, ach cuirtear fáilte inti anois roimh rannpháirtithe agus roimh lucht féachana ón dá thaobh den scoilt pholaitiúil i dTuaisceart Éireann.

Mar a deir duine de lucht eagraithe na féile: “Tá fréamhacha na féile go daingean sa phobal go fóill, ach níl teorainn ar bith anois leis an téarma sin pobal.”

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved