Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Celtic-Korean co-production The Wall launches at MIPCOM



Date Posted: October 15, 2018

Today (Monday 15th) at MIPCOM, to mark their new strategic alliance, the partners in the Celtic International Fund are launching The Wall, a six-part documentary series for Welsh broadcaster S4C, Irish broadcaster TG4 and Korean broadcaster JTV. The series, due for broadcast in early 2019, is co-produced by Rondo from Wales and Rosg from Ireland.

The Celtic International Fund runs an annual joint-commissioning round between the indigenous Celtic language television broadcasters and funders of Scotland, Wales, Ireland and Northern Ireland.

It has been set up by BBC ALBA (with funding from MG ALBA), S4C, TG4 and Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF).

The aim of the Celtic International Fund is to promote co-development and then co-production through Scottish Gaelic, Welsh and Irish, and to encourage a broader European and worldwide internationalisation of productions which are originally conceived in those Celtic languages.

The Celtic International Fund will provide film-makers with an opportunity to co-develop and co-produce distinctive, ambitious works to enrich primetime programme schedules, to have a national impact with audiences in the territories of Scotland, Wales, Ireland and Northern Ireland and seek to reach audiences worldwide.

The initial call-out encompasses three genres – Factual, Drama and Animation.  All successful projects will undergo a development phase where funding will be provided to both develop ideas and the co-production framework, which must have a production element in Scotland, Wales and either Ireland, or Northern Ireland.

The Celtic International Fund will be administered by a joint commissioning team drawn from the Celtic language broadcasters and funders who are partners in the scheme.

TG4 Director General, Alan Esslemont, welcomed the new co-production initiative: “In a media landscape dominated by high production values, driven by international giants with deep pockets, it is more and more important that TG4 works with partners in order to create an environment allowing our own independent companies to bring quality ideas into the international market.”

This new Celtic partnership, combined with recent EBU initiatives on European co-production, means that TG4 will become an important partner in European and worldwide programme markets allowing us to bring higher quality programmes to our viewers.”

Head of the ILBF, Áine Walsh, welcomed the new co-production initiative: “We are delighted to be part of this initiative, which will enable Irish speaking producers in Northern Ireland to work alongside their Celtic neighbours to develop content that can be enjoyed by a global audience. This new partnership will lead to a stronger and more developed production sector and we are excited to see new factual, drama and animated content with high production values and that has originated in the Celtic territories, make its mark in the global market.”

Amanda Rees, S4C Creative Content Director, said: “The Celtic International Fund has given us the opportunity to build invaluable partnerships with our fellow Celtic broadcasters and help pool the substantial creative talent that we have in our midst.

“The Wall is a series which looks at both sides of the world’s most contentious divides, narrated by stories of families and communities split apart. This series is timely and relevant to audiences worldwide, and is a shining example of what we can produce through co-operating with other broadcasters.”

Iseabail MacTaggart, Director of Strategy & Partnership at MG ALBA added: “We are ambitious for our production sector and see this initiative as an opportunity to both allow production companies to compete on a global stage and to create new and enhanced content for BBC ALBA audiences. By collaborating internationally we increase the quality and reach of our content.”


‘The Wall’ – comhléiriúchán nua Ceilteach seolta ag MIPCOM

Chun a gcomhpháirtíocht nua straitéiseach a cheiliúradh sheol páirtnéirí An Chiste Idirnáisiúnta Cheiltigh, sraith sé chlár The Wall inniu (Dé Luain an 15 Deireadh Fómhair) a chraolfaidh an craoltóir Breatnaise S4C, an craoltóir Gaeilge TG4 agus an craoltóir sa Chóiré JTV. Tá an tsraith, ar comhléiriú é idir Rondo sa Bhreatain Bheag agus Rosg in Éirinn, le craoladh i dtús na bliana 2019.

Faoin gCiste Idirnáisiúnta Ceilteach, reáchtáiltear babhta cómhaoinithe gach bliain idir craoltóirí agus maoinitheoirí teilifíse sna teangacha Ceilteacha in Albain, an Bhreatain Bheag, Éire agus Tuaisceart Éireann.

Is iad BBC ALBA (le maoiniú ó MG ALBA), S4C, TG4 agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Northern Ireland Screen (ILBF) a bhunaigh an Ciste.

Is é aidhm an Chiste Idirnáisiúnta Cheiltigh comhfhorbairt a spreagadh agus comhléiriúcháin ina dhiaidh sin trí Gháidhlig, an Bhreatnais agus an Ghaeilge agus na léiriúcháin sin, a ceapadh ar dtús sna teangacha Ceilteacha, a scaipeadh ar fud na hEorpa agus an domhain.

Tabharfaidh An Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach deis do lucht déanta scannán obair ar leith agus uaillmhianach a fhorbairt agus a léiriú i gcomhar a chuirfidh go mór le sceideal príomhama na gcraoltóirí, a mbeidh tionchar acu ar lucht féachana náisiúnta in Albain, sa mBreatain Bheag, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann agus a mbeidh sé mar aidhm acu dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain.

Trí sheánra a bhí i gceist sa chéad ghlao – Fíorasach, Drámaíocht agus Beochan.  Rachaidh na tionscadail ar fad a n-éireoidh leo faoi chéim forbartha ina gcuirfear maoiniú ar fáil chun smaointe agus creat comhléiriúcháin a fhorbairt agus ina gcaithfear gné de a léiriú in Albain, sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann.

Comhfhoireann coimisiúnaithe a riarfaidh An Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na craoltóirí agus maoinitheoirí sna teangacha Ceilteacha agus ar páirtithe iad sa scéim.

Tá fáilte curtha ag Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, roimh an tionscnamh nua comhléiriúcháin: “Tá ábhar a bhfuil luach ard léiriúcháin ag baint leis lárnach i meáin an lae inniu, cláracha atá á maoiniú ag ollchomhlachtaí saibhre. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go rachadh TG4 ag obair le páirtnéirí chun timpeallacht a chruthú ina mbeidh ár gcuideachtaí neamhspleácha féin in ann smaointe den chéad scoth a chur i lár an mhargaidh idirnáisiúnta.”

Mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht nua Cheilteach seo, chomh maith le tionscnaimh EBU le déanaí do chomhléiriúcháin san Eoraip, beidh TG4 ina pháirtí tábhachtach i margaí déanta clár san Eoraip agus ar fud an domhain a chuirfidh ar ár gcumas cláir ar chaighdeán níos fearr a chur faoi bhráid ár lucht féachana.”

Tá fáilte curtha ag Ceann an ILBF, Áine Walsh, roimh an tionscnamh nua comhléiriúcháin: Tá ríméad orainn a bheith páirteach sa tionscnamh seo a chuirfidh ar chumas léiritheoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann dul i mbun oibre lenár gcomhghleacaithe Ceilteacha chun ábhar a fhorbairt a mbeidh an domhan mór in ann sult a bhaint as. Beidh an earnáil léiriúcháin níos láidre agus níos forbartha mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht nua seo agus táimid ag súil leis an ábhar nua fíorasach, drámaíochta agus beochana a thiocfaidh as, ábhar ar ardchaighdeán léiriúcháin de bhunadh na gCríoch Ceilteach a fhágfaidh a rian ar an margadh domhanda.”

Dar le Amanda Rees, Stiúrthóir Ábhair Chruthaithigh S4C: “Deis atá sa Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach dúinne tabhairt faoi chomhpháirtíochtaí rí-thairbheacha lenár gcomhghleacaithe craolacháin sna tíortha Ceilteacha, chun an tallann mhór chruthaitheach atá ann inár measc a thabhairt le chéile.

“Sraith í The Wall a fhéachfaidh ar chuid de na nithe is conspóidí a chothaíonn deighilt ar fud an domhain agus na scéalta sin á n-insint ag teaghlaigh agus ag pobail ar an dá thaobh. Is sraith í seo atá tráthúil agus ábhartha do lucht féachana ar fud an domhain agus is sampla den chéad scoth í den méid is féidir a dhéanamh nuair a chomhoibríonn craoltóirí le chéile.”

Dúirt Iseabail MacTaggart, Stiúrthóir Straitéise & Comhpháirtíochta ag MG ALBA freisin:

“Táimid uaillmhianach i dtaobh na hearnála léiriúcháin agus dar linne is deis é an tionscnamh seo do chuideachtaí léiriúcháin dul san iomaíocht ar ardán domhanda chomh maith le hábhar nua agus níos fearr a chruthú do lucht féachana BBC ALBA. Cuirtear le caighdeán an ábhair agus leis an líon daoine a fheicfidh é trí thabhairt faoi chomhoibriú idirnáisiúnta.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved