Oiliúint | Training

 

Cuireann an CCG roinnt deiseanna oiliúna éagsúla ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil léiriúcháin neamhspleách i dTuaisceart Éireann nó ar mian leo dul ag obair inti.

Amharc ar seóríl ár lucht oiliúna i rannóg na n-íoslódálacha ar dheis. 

Scéim d’Iontrálaithe Nua

Dírithe ar Iontrálaithe Nua san earnáil léiriúcháin, tá líofacht sa Ghaeilge agus spéis eolasach i gcultúr agus i meáin na hÉireann riachtanach. Bíonn oiliúnaithe lonnaithe i gcuideachtaí léiriúcháin nó i stáisiún teilifíse áitiúil ar feadh bliana féilire. Íocann an ILBF íosphá leis na hoiliúnaithe agus clúdóidh sé costais aon chúrsaí oiliúna gearra iomchuí a dtugtar fúthu i rith na scéime bliana. Bíonn an scéim ar siúl ó Mheán Fómhair go dtí Lúnasa gach bliain agus déantar fógraíocht forleathan uirthi. Coinnigh súil ar shuíomh idirlín Northern Ireland Screen agus ar an phreas áitiúil, ó lár mhí na Bealtaine ar aghaidh, le bheith ar an eolas faoi ghairm na n-iarratas.


Scéim do Léiritheoirí faoi Oiliúint

Dírithe ar chainteoirí Gaeilge a bhfuil ar a laghad bliain amháin taithí phraiticiúil acu i léiriú teilifíse. Bíonn oiliúnaithe lonnaithe i gcuideachtaí léiriúcháin agus íocann an ILBF agus an cuideachta léiriúcháin iad i gcomhar. Clúdóidh an ILBF costais aon chúrsaí oiliúna gearra iomchuí a dtugtar fúthu i rith na scéime bliana. Tugtar deis do na hoiliúnaithe smaoineamh do chlár faisnéise leathuair an chloig a chur i láthair do chraoltóirí agus má éiríonn leo, an clár a léiriú.  Eagraítear an scéim ó Mheán Fómhair go Lúnasa gach bliain agus fógraítear go forleathan í. Coinnigh súil ar shuíomh idirlín Northern Ireland Screen agus ar an phreas áitiúil, ó lár mhí na Bealtaine ar aghaidh, le bheith ar an eolas faoi ghairm na n-iarratas.

Sparánacht Forbartha Scileanna

Tá Sparánacht Forbartha Scileanna an CCG ceaptha cúnamh i bhfoirm tacaíochta airgeadais a thabhairt do chainteoirí Gaeilge páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna. Ar phríomh-phrionsabal an chiste tá, mar thoradh ar fhreastal ar chúrsa oiliúna, go mbeadh scileanna forbartha agus saineolas faighte acu sin a d’fhreastail orthu agus forbairt ghairme go ginearálta. Ba chóir go mbeadh tionchar aige sin ar an earnáil léiriúcháin Ghaeilge.

Tá sparánachtaí ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá tiomanta léiriúchán i nGaeilge a fhorbairt i dTuaisceart Éireann. Tá sparánachtaí ar fáil do chúrsaí oiliúna gearrtéarmacha agus do na cúrsaí Máistreachta dá dtagraítear thíos.

Féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar suas le 75% de na costais oiliúna agus suas le huasmhéid de £2,000. Tá tuilleadh eolais faoi Sparánachtaí Forbartha Scileanna ar fáil ó Brid Falconer. Féadfar foirmeacha iarratais a íoslódáil ón leathanach seo.

MA i Léiriú Scannán agus Scríbhneoireacht Scripte – Ollscoil na Banríona

De thairbhe an dul chun cinn agus forbairt sna meáin Gaeilge tá ardú ar líon na niar-chéimí dírithe ina dtreo chun cur lena scileanna. Dúirt an tOllamh Greg Toner, an t-ollamh nua le Gaeilge i Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Ríona, go bhfreastalóidh an MA ar an earnáil rathmhar seo trí thraenáil a thabhairt i scileanna léirithe agus scríbhneoireachta le haghaidh teilifíse. "Is cúrsa feidhmeach é seo," a dúirt an t-Oll. Toner. "Díreoidh sé ar chleachtas praiticiúil agus cruthaitheach sa scannánaíocht - mar shampla, úsáid ceamaraí agus eagarthóireacht - agus pléifear réimse teicnící a bhaineann le forbairt idéanna cláir i nGaeilge." Beidh gairmithe atá ag obair faoi láthair sna meáin Ghaeilge páirteach i dteagasc an chúrsa, in éineacht le baill foirne sa Ghaeilge agus sa Scannánaíocht.

Cáilíochtaí inmhianaithe

Bronnfar an sparánacht de réir na gcritéir seo a leanas:

  •  Taithí phraiticiúil in earnáil na meán físe/fuaime (as Gaeilge nó a mhalairt)
  • Fianaise den chruthaitheacht, msh. iriseoireacht, obair aistriúcháin, scríbhneoireacht scripte
  • Caighdeán na Gaeilge labhartha agus scríofa (bunaithe ar an scrúdú iontrála agus ar an agallamh)
  • Fís phearsanta forbartha in earnáil na meán Gaeilge
  • Oscailte dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann amháin.

Tá tuilleadh eolas ar fáil ar suíomh idirlín na h-ollscoile.

MA i mBainisteoireacht sna Meáin – Ollscoil Uladh

Tá an MA seo ar ceann de na cúrsaí is mó cáil dá chuid in Éirinn a thugann áis do mic léinn scileanna léiriú sna meáin ar il-léibhinn, teilifís, scannán agus na meáin úir ina measc, a fhorbairt. Leis an struchtúr nua foghlaimíochta tig le mic léinn tabhairt faoi formhór a gcuid staidéir a chomhlíonadh lasmuith den campus féin, ina mbíonn seachtain amháin dian-staidéir ag tús gach seimeastair comh maith le léachtaí ó ghairmithe an earnáil agus tacaíocht ar líne le linn an tréimhse staidéir ar fad.

Tá tuilleadh eolas ar fáil ar suíomh idirlín na h-ollscoile.

MA i gCleachtas Clár Faisnéise – Ollscoil Uladh

Is cúrsa uathúil in Éirinn an MA seo, dírithe ar choincheap agus léiriú clár faisnéise, ó thús go deireadh, idir taighde, taifeadadh, iar-thaifeadadh agus taispeántas. Gach bliain léiríonn na mic léinn trí scannáin agus go dtí seo tá cáiliúcháin bainte amach acu - The International Student Film Festival (Paris), Simon Cumbers Media Challenge, One World Broadcasting Trust travel award, Reel African Film Festival agus an Sohu Global Chinese Documentary Festival ina measc. Tá saothar na mic léinn craolta ar Ulster Television agus Northern Visions Television comh maith.

Tá tuilleadh eolas ar fail ar suíomh idirlín na h-ollscoile.


The ILBF offers several different training opportunities for Irish speakers working or aspiring to work in the independent production sector in Northern Ireland.

View our trainees showreel in the downloads section to the right.

New Entrant Scheme

Aimed at New Entrants to production sector, fluency in Irish and an informed interest in Irish culture and media essential. Trainees are placed with production companies or local television station for calendar year. ILBF pays trainees minimum wage and will also cover costs of any appropriate short training courses undertaken during the year long scheme. Scheme runs from September to August each year and is advertised widely.  Please check the Northern Ireland Screen website and local press from mid May for the call for applications.

Trainee Producer Scheme

Aimed at Irish speakers with a minimum one year of practical experience in television production. Trainees placed with production companies and paid jointly by ILBF and production company. ILBF will cover costs of any appropriate short training courses undertaken during the year long scheme. Trainees given opportunity to pitch an idea for a half hour documentary to broadcasters and if successful to produce the documentary.   Scheme runs from September to August each year and is advertised widely.  Please check the Northern Ireland Screen website and local press from mid May for the call for applications.

Skills Development Bursary

The ILBF Skills Development Bursary Fund is designed to assist Irish language speakers with financial support to participate in training courses.  A key principle of the fund is that attendance at a training course should lead to advancement of skills, expertise and general career development. This in turn should have an impact on the Irish language production sector. 

Bursaries are available for Irish language speakers who are committed to the development of Irish language production in Northern Ireland. Bursaries are available for short term training courses and for the MA courses outlined below.

Applicants can apply for up to 75% of the training costs and up to a maximum of £2,000. More information on Skills Development Bursaries is available from Brid Falconer.  Guidelines and application form may be downloaded here.  

MA in Irish-Medium Film and Script Production – Queen’s University

The Irish-language media is a growing sector and an increasingly common destination for graduate students. This new MA in Irish-medium Film and Script Production, beginning in September 2011, is designed to service this sector by equipping graduates with high-level Irish-language skills and training in the areas of film production and screenwriting.

Professor Greg Toner, the new professor of Irish at Queen's said; "This is an applied course, it will focus on practical and creative practice in film making - for example, camera and editing operations - and a range of techniques for developing programme ideas in Irish will be examined."

Professionals currently working in the Irish-language media will assist in the delivery of the course along with staff in Irish and Film Studies.

For further information on the course please visit the QUB website.

MA in Media Management – University of Ulster

The MA Media Management is one of Ireland’s most established such courses and helps students develop skills in media producing across several platforms, including television, film and new media. The new structure of blended learning allows students to study primarily away from campus, with a one week intensive course at the start of each semester including talks by leading professionals and online support throughout the rest of the study period.

For further information on the course please visit the University of Ulster website.

MA in Documentary Practice - University of Ulster

The MA Documentary Practice is a unique course in Ireland, dedicated to the study and making of documentary films - from research through production, editing and exhibition. Each year, students make three films and, to date, they have won awards including the International Student Film Festival (Paris), Simon Cumbers Media Challenge, One World Broadcasting Trust travel award, Reel Africa Film Festival, and the Sohu Global Chinese Documentary Festival. Student work has been broadcast by Ulster Television and Northern Visions Television.

For further information on the course please visit the University of Ulster website.

 


 

 

 

  • Partners
  • Partners
  • Partners