Maoiniú | Funding
Cuireann an CCG maoiniú forbartha agus léiriúcháin araon ar fáil thar raon leathan seánraí teilifíse, d’ábhair chraolacháin ar BBC TÉ, TG4 agus RTÉ. Breithneoidh an CCG fosta ábhar a mhaoiniú nach bhfuil craoltóir ag gabháil leis . Mar sin féin, sa chás sin, ní mór fianaise ar shroicheadh lucht féachana níos leithne a thabhairt.
Cé mhéad a mhaoinímid?
FORBAIRT
Maoineoimid ar a mhéid 50% den bhuiséad forbartha foriomlán agus de ghnáth cuireann an craoltóir an 50% eile den mhaoiniú ar fáil.
LÉIRIÚCHÁN
Dé ghnáth, infheisteoidh an CCG uasmhéid de £400,000 i dtionscadal, suas le teorainn de 75% de na costais tionscadail chomhaontaithe foriomlána agus éileoidh sé go gcaithfear méid nach lú ná 70% de na costais tionscadail sin i dTuaisceart Éireann.
FOINSÍ MAOINITHE EILE
Molann an CCG d’iarratasóirí taighde a dhéanamh ar fhoinsí maoinithe eile a d’fhéadfaí a úsáid i gcomhar leis an CCG, mar shampla:
Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh?
Tá an ciste oscailte do chuideachta léiriúcháin neamhspleách ar bith atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann. Breithnímid comhleiriúcháin fosta ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na cuideachtaí léiriúcháin lonnaithe i dTuaisceart Éireann. Ba chóir béim a leagan ar an úsáid is mó is féidir a bhaint as aisteoirí agus criú as Tuaisceart Éireann ar cainteoirí Gaeilge iad.
Conas a dhéanaim iarratas?
Má tá tú ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh chuig an CCG ar mhaoiniú , ní mór duit, ar an chéad ásc, dul i dteagmháil le Ceannaire an CCG Roisin Kelleher nó le hOifigeach an CCG Brid Falconer chun cruinniú a shocrú leis an tionscadal a phlé. Tabhair aird, le do thoil, ar na critéir mhaoinithe a thugtar san Fhorléargas sa chuid CCG.
Tabhair ar aird, le do thoil, nach nglacann Scáileán Thuaisceart Éireann le scripteanna ná tograí gan choinne. Tá mionsonraí thíos faoin tslí le hiarratas ar mhaoiniú CCG a dhéanamh. Tabhair ar aird, le do thoil, cé go bhfuil treoirlínte (le híoslódáil ón leathanach Forléargas) agus foirmeacha iarratais (le híoslódáil ón leathanach seo) ar fáil, gur chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an rannóg CCG chun do thionscadal a phlé sula gcuirfidh tú cáipéis nó ábhair ar bith ar aghaidh.
Má dhéanaimid cinneadh go bhféadfadh an tionscadal a bheith incháilithe le tacaíocht a fháil, iarrfar ort tuilleadh mionsonraí a chur ar aghaidh trí fhoirm iarratais chomhlánaithe.
Ba chóir iarratais agus gach iatán a chur trí ríomhphost chuig Roisin Kelleher agus ag Brid Falconer faoi mheánlae ar an spriocdháta maoinithe. Ba chóir cruachóipeanna den iarratas agus iatán a chur isteach chuig an CCG fosta, ag oifigí Scáileán Thuaisceart Éireann faoi mheánlae ar an spriocdháta maoinithe. Ní ghlacfar le haon iarratas a gheofar i ndiaidh an spriocdháta.
Féach thíos roinnt de na tionscadail ar thugamar maoiniú dóibh cheana féin:
The ILBF provides both development and production funding across a wide range of television genres, for content broadcast on BBC NI, TG4 and RTÉ. The ILBF will also consider funding content that does not have a broadcaster attached. However, in this case, a wide audience reach must be evidenced.
How much do we fund?
DEVELOPMENT
The ILBF funds a small number of development projects. We will fund a maximum of 50% of the overall development budget with a broadcaster generally providing the remaining 50% of funding.
PRODUCTION
The ILBF will usually invest a maximum of £400,000 in a project, up to a ceiling of 75% of the overall agreed project costs and will require that no less than 70% of those project costs are spent in Northern Ireland.
OTHER FUNDING SOURCES
The ILBF encourages applicants to research other funding sources, which can be used in conjunction with the ILBF such as:
Who can apply?
The fund is open to any Northern Ireland based independent production company. We also consider co-productions where at least one of the production companies is based in Northern Ireland. Emphasis should be placed on maximum use of Irish speaking Northern Ireland cast and crew.
How do I apply?
If you are considering applying for funding to the ILBF you must in the first instance contact the Head of the ILBF Roisin Kelleher or the ILBF Officer Brid Falconer to arrange a meeting to discuss the project. Please be aware of the funding criteria, outlined in the Overview of the ILBF section.
Please bear in mind that Northern Ireland Screen does not accept unsolicited scripts and proposals. Details of how to apply for ILBF funding are below. Please note that although guidelines (downloadable from Overview page) and application forms (downloadable from this page), are available, you should contact the ILBF department to discuss your project before submitting any documents or materials.
If we decide the project could be eligible to receive support, you will be requested to submit further details through a completed application form.
Applications and all enclosures should be emailed to Roisin Kelleher and Brid Falconer by midday of the funding deadline. Hard copies of applications and enclosures should also be submitted to the ILBF at Northern Ireland Screen’s offices by midday of the funding deadline. No applications received after the deadline will be accepted.
Have a look at some projects we previously funded: