Forléargas | Overview

Bhí dhá aidhm leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) nuair a bunaíodh é; ábhar i nGaeilge ar ardchaighdeán a mhaoiniú agus an earnáil léiriúcháin neamhspleách Gaeilge i dTuaisceart Éireann a chothú.

Maoiníonn an ciste ar a laghad 70 uair an chloig d’ábhar i nGaeilge in aghaidh na bliana, ábhar a chraoltar ar BBC Thuaisceart Éireann, TG4 & RTÉ. Tá maoiniú forbartha agus léiriúcháin ar fáil do raon leathan seánraí teilifíse. Cuireann an CCG maoiniú ar fáil do raon tionscnamh oiliúna do chainteoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil léiriúcháin anseo fosta, nó ar mian leo dul ag obair inti. Faoi Tosaíochtaí an CCG tugtar treoir ghinearálta ar an gcineál ábhar is mian linn a mhaoiniú. Tá na Tosaíochtaí le fáil le híoslódáil ar an leathanach seo.

Cuireann an CCG cáipéisí coimisiúnaithe bliantúla amach fosta i gcomhar le craoltóirí BBC TÉ, TG4 agus RTÉ, ina mbíonn treoirlínte a thugann mionsonraí faoin chineál ábhar is mian linn a mhaoiniú i gcomhar le gach ceann de na craoltóirí.

Bíonn 3 babhta maoinithe ag an CCG achan bhliain. Is iad na spriocdhátaí d’iarratais mhaoinithe don CCG i 2013 ná:

  1. Meán lae ar an Aoine 8ú Márta 2013
  2. Meán lae ar an Aoine 31ú Bealtaine 2013
  3. Meán lae ar an Aoine 27ú Meán Fómhair 2013

Sular ndéantar iarratas ar mhaoiniú ní mór duit fianaise shoiléir a chur ar fáil go sroichfidh an t-ábhar, nuair a léireofar é, lucht féachana suntasach i dTuaisceart Éireann. Is í an fhianaise is mó den sroicheadh lucht féachana sin ná geallúint ó chraoltóir cuí ach d’fhéadfadh fianaise dhifriúil a bheith ann i gcásanna ar leith.

Tabhair na nithe seo a leanas ar aird le do thoil:

  • Is é an bunriachtanas maidir le hábhar i nGaeilge ná 70% den chaint.
  • Ní mór fianaise ar mhaoiniú meaitseála a chur ar fáil.

Breithneoidh Coiste Infheistíochta an CCG gach iarratas ar mhaoiniú agus beidh aird chuí aige ar na critéir seo a leanas:

  • go gcuirtear le stádas/cur chun cinn na Gaeilge; 
  • cáilíocht an togra; 
  • tarraingteacht don lucht féachana; 
  • inrochtaineacht don lucht féachana; 
  • cur le fás agus forbairt na hearnála léiriúcháin neamhspleách Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
  • fianaise go bhfuil an tionscadal sa bhreis ar na leibhéil chláir a bhfuil an craoltóir lena mbaineann ag tabhairt fúthu cheana féin.


The Irish Language Broadcast Fund (ILBF) was set up with the dual aim of funding Irish language content of high quality and of fostering the Irish speaking independent production sector in Northern Ireland. 

The fund finances a minimum of 70 hours of Irish language content per year, which is broadcast on BBC Northern Ireland, TG4 & RTÉ.  Development and production funding is available for a wide variety of TV genres.  The ILBF also provides funding for a range of training initiatives for Irish speakers wishing to work or are already working in the production sector here.

The ILBF Priorities provide general guidance on the type of content we wish to fund. The Priorities are available to download on this page.

The ILBF also produces annual commissioning documents in conjunction with broadcasters BBC NI, TG4 and RTÉ, with guidelines detailing the type of content we wish to fund with each of the broadcasters.  Up to date commissioning documents are available to download on this page.

The ILBF holds 3 funding rounds per year.  Deadlines for funding applications to the ILBF in 2013 are:

  1. 12 noon, Friday 8th March 2013
  2. 12 noon, Friday 31st May 2013
  3. 12 noon, Friday 27th September 2013

Before applying for funding you must produce clear evidence that the content will, once produced, reach a substantial audience in Northern Ireland. This audience reach will most usually be evidenced through the commitment of an appropriate broadcaster but may in certain cases be evidenced differently.

Please note the following criteria:

  • The minimum Irish language content requirement is 70% of the spoken word.
  • Evidence of match funding must be provided.

All funding applications will be considered by the ILBF Investment Committee which wil have due consideration for the following:

  • contribution to the status and promotion of the Irish language;
  • quality of the proposal;
  • audience appeal;
  • audience accessibility;
  • contribution to the growth and development of the Irish speaking independent production sector in Northern Ireland;
  • evidence that the project is additional to the programming levels already undertaken by the attached broadcaster.


  • Partners
  • Partners
  • Partners