Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund announce second season of Amharc



Date Posted: November 15, 2018

TG4, BBC Gaeilge and Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund are delighted to announce the second season of ‘Amharc’.

‘Amharc’ was created to support the production of landmark creative films on the arts in Northern Ireland today. The initiative aims to provide film-makers with an opportunity to make distinctive, ambitious productions which will enrich BBC and TG4’s primetime programming schedules and which will also enjoy a cinematic release.

All artistic disciplines will be considered and whilst this initiative is focused on the creation of arts in Northern Ireland, applications focusing on NI artists who are living elsewhere are also welcomed.  Priority will be given to contemporary subjects, but contemporary treatments of historical works will also be considered.

Emphasis will be placed on treatments and storytelling that are creative and innovative whilst also having an approach that will entice the largest audience possible.

Production funding of up to £90,000 will be made available and it is expected that one project will be funded.

However, it is possible that projects with a larger ambition and financial plan may be chosen if they are willing to seek funding from other sources.

It is envisaged that projects will launch with a cinematic and/or a festival release before they broadcast on TG4 and BBC in early 2020.

The ILBF will administer the scheme in conjunction with the broadcasters BBC and TG4 and the projects should comply with the ILBF and the broadcasters’ priorities and aims.

Representatives from the ILBF, TG4 and BBC Northern Ireland will be responsible for selecting the applications.

Duration: 50 – 70 minutes.

Production budget:  £90,000 max. per film. (Additional funding for marketing and distribution may be available)

Format: HD with English subtitles.

Language: Irish or bilingual.

APPLICATIONS:

Send applications to Doireann Nic Dhomhnaill or Áine Walsh by Friday 25th January 2019.

The following documents are needed with the application:

  • The ‘Amharc’ commissioning form.
  • A comprehensive treatment with notes on visual approach.
  • TV and Cinema audience strategy and a specific plan for cinema distribution if applicable.
  • A detailed production budget and a summary budget (costs relating to music copyright clearance and other material, including delivery and marketing material).
  • C.V. for those team members who will work on the project’s artistic aspects–director, producer, writer and editor.
  • Proof of ownership of the material that will be produced, and a copy of agreements made with writers and other parties, if necessary.
  • Proof that the project’s main parties are in agreement in relation to the project.
  • Any other supporting material.

It is expected that the projects will be completed and ready to release at appropriate film festivals in 2020 and that they will be broadcast after this.


Tá áthas ar TG4, BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann an scéim ‘Amharc’ a fhógairt don dara séasúr.

Bunaíodh an scéim ‘Amharc’ chun tacú le mór léirithe scannáin fhaisnéise ar shaol agus déantús na n-ealaíon i dTuaisceart Éireann an lae inniu.  Beidh mórshaothair á gcruthú faoin scéim, mórshaothair a chuirfidh le saibhreas phríomhsceideal cláir BBC NI agus TG4, agus a thaispeánfar sna hamharclanna.

Beidh gach réimse ealaíne san áireamh agus cé go bhfuil seo dírithe ar shaol agus déantús na n-ealaíon i dTuaisceart Éireann bheadh fáilte roimh iarratais bunaithe ar ealaíontóirí gurbh as Tuaisceart Éireann iad ach atá ag cur futhú in áit éigin eile.  Tabharfar tús áite do shaothar comhaimseartha ach cuirfear san áireamh saothair staire a bhfuil cóiriú agus tábhacht comhaimseartha leo chomh maith.  Is é ‘Hammond:Duais an Dorais’, beathaisnéis ar shaol agus ar shaothar an cheoltóra agus chraoltóra Davy Hammond an togra a bhí maoinithe faoin chéad shéasúr den scéim.

Beidh béim ar chóiriú agus ar scéalaíocht atá cruthaitheach, nuálach ach a bhfuil modh scéalaíochta ann a mheallfaidh lucht féachana leathan chuige.

£90,000 atá sa phota maoinithe agus táthar ag súil le togra amháin a mhaoiniú.

Mar sin féin, d’fhéadfadh go roghnófaí tograí a bhfuil uaillmhian agus plean airgeadais níos airde ná sin acu ach iad cur isteach ar fhoinsí eile airgid.

Táthar ag súil go seolfar an saothar le taispeántas amharclainne agus/nó ag féilte scannáin.  Beidh deis ann do thréimhse dáileacháin amharclainne sula gcraolfar iad ar TG4 agus ar BBC NI go luath i 2020.

Beidh an scéim á riar ag CCG i gcomhpháirtíocht leis na craoltoirí BBC agus TG4 agus ba chóir go gcomhlíonfadh na tograí seo tosaíochtaí agus aidhmeanna an CCG agus na craoltóirí.

Beidh ionadaithe ón CCG, TG4 agus BBC Gaeilge i mbun roghnú na n-iarratas.

Fad na scannán:  50 – 70 bomaite.

Buiséad léirithe:  £90,000 an scannán ar a mhéad. (D’fhéadfadh maoiniú breise a bheith ar fáil fosta do mhargaíocht/dáiliú an togra.)

Formáid: HD le fotheidil Bhéarla.

Teanga: Gaeilge nó dátheangach.

Sprioc: Aoine 25ú Eanáir 2019

IARRATAIS:

Seol iarratais mar ríomhphost chuig Doireann Nic Dhomhnaill  Áine Walsh roimh 25ú Eanáir.

Is gá na nithe seo a leanas a bheith istigh leis an iarratas:

  • Foirm choimisiúnaithe ‘Amharc’.
  • Cóiriú cuimsitheach scannáin mar aon le nótaí ar chur chuige físe.
  • Straitéis lucht féachana teilifíse agus amharclainne agus plean i leith dáileadh   amharclainne más bainteach.
  • Buiséad léirithe cruinn agus achoimre ar bhuiséad (beidh costas ar ghlanadh cóipchirt ceoil agus ábhair eile, ábhar seachadta agus margaíochta san áireamh).
  • C.V. do bhaill foirne a bheidh ag plé le gnéithe ealaíne an togra – an stiúrthóir, an léiritheoir, an scríbhneoir, an t-eagarthóir.
  • Cruthúnas ar úinéireacht an ábhair le dul i mbun léirithe. Cóip de chomhaontuithe atá déanta le scríbhneoirí agus páirtithe eile más gá.
  • Cruthúnas ó phríomhpháirtithe an togra go bhfuil aontaithe acu tabhairt faoin togra seo.
  • Aon ábhar taca eile.

Táthar ag súil go mbeidh na tograí críochnaithe agus réidh le seoladh ag féilte scannán cuí i 2020 agus go gcraolfar ina dhiaidh sin iad.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved