Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Múinteoirí, Monday 26th September, BBC Two Northern Ireland, 10pm.



Date Posted: September 19, 2016

Last year a total of 239 newly qualified teachers graduated from local teacher training colleges in Northern Ireland. Among them were 27 qualified to teach through the Irish Language.

Múinteoirí, an Irish Language Broadcast Fund documentary, follows four new students as they embark on their journey to become primary school teachers in local Gaelscoileanna. The new three-part series for BBC Northern Ireland begins on Monday 26th September on BBC Two Northern Ireland at 10pm.

Mairéad Nic Giolla Chearra from Donegal, Heather Floyd from Belfast, Seán Mac Diarmada from County Down and Cookstown student Áine Ní Ghlacáin are studying at St Mary’s University College in Belfast. They hope to one day be able to teach in Irish medium schools but first they must face a full academic year to acquire their Post Graduate Diploma in Education / TICO qualification.

It’s an uphill struggle for all the students. Mairéad balances her studies with being a mother to a two year old, while Seán juggles his responsibilities on the family farm and playing Gaelic football with study deadlines. Áine faces her fear of teaching practice while mature student Heather worries about everything from her Irish Language skills to getting to grips with new technology.

The four would-be teachers face eight weeks of intensive training before they will be let loose in the classroom. Will they be able to get the balance right and enter into their dream profession?

Narrated by BBC presenter John Toal, Múinteoirí is recorded throughout the academic year beginning in September 2015. It follows the students as they relish their new challenges and build friendships while being led through the lessons by their mentors and lecturers.

Múinteoirí is a BBC Gaeilge programme with English subtitles. The series is produced by Big Mountain Productions for BBC Northern Ireland with funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

___________________________________________________________________________

Múinteoirí, Dé Luain 26 Meán Fómhair BBC Two Northern Ireland, 10 i.n.

Bronnadh céimeanna anuraidh ar 239 múinteoir úrcháilithe san iomlán sna coláistí oiliúna áitiúla i dTuaisceart Éireann. I measc na gcéimithe sin, cháiligh 27 acu le teagasc trí mheán na Gaeilge.

Is clár faisnéise de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge é Múinteoirí, ina leanfar ceathrar ábhar múinteora agus iad ag cur tús leis an aistear acu le súil go mbainfidh siad a gceann scríbe amach, mar atá post a fháil mar mhúinteoirí bunscoile i nGaelscoileanna áitiúla. Tosóidh an tsraith nua trí chuid ar an Luan 26 Meán Fómhair ar BBC Two Northern Ireland ar 10 i.n.

Tá Mairéad Nic Giolla Chearra ó Dhún na nGall, Heather Floyd ó Bhéal Feirste, Seán Mac Diarmada ó Chontae an Dúin agus Áine Ní Ghlacáin ón Chorr Chríochach, Co. Thír Eoghain ag déanamh staidéir ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. Ba mhaith leo bheith ábalta teagasc i nGaelscoileanna amach anseo ach ar dtús, tá bliain acadúil iomlán rompu lena nDioplóma Iarchéime san Oideachas / TICO a fháil.

Is snámh in aghaidh easa ag gach duine acu é. Bíonn Mairéad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal lena cuid staidéir agus a ról mar mháthair do pháiste dhá bhliain d’aois, agus bíonn Seán ag iarraidh cothromaíocht a aimsiú idir spriocdhátaí an choláiste agus a dhualgais a chomhlíonadh ar fheirm an teaghlaigh agus mar imreoir peil Ghaelach. Caithfidh Áine dul i ngleic leis an eagla atá uirthi roimh chleachtadh teagaisc agus tá imní ar Heather, mac léinn lánfhásta, faoi gach rud, a scileanna Gaeilge agus dúshláin na teicneolaíochta úrnua san áireamh.

Tá ocht seachtaine de dhianoiliúint roimh an cheathrar ábhar múinteora sula ligfear dóibh a scileanna a thástáil sa seomra ranga. An mbeidh siad ábalta an chothromaíocht cheart a bhaint amach agus dul leis an ghairm is ansa leo?

Is é John Toal, láithreoir BBC, a dhéanfaidh an reacaireacht. Taifeadadh Múinteoirí tríd an bhliain acadúil, ag tosú i Meán Fómhair 2015. Leanfaidh sé na mic léinn agus iad ag tabhairt faoi na dúshláin seo le fonn agus ag déanamh muintearas, agus na meantóirí agus na léachtóirí á dtreorú trí na ceachtanna i rith an ama.

Is clár de chuid BBC Gaeilge é Múinteoirí le fotheidil i mBéarla. Is é Big Mountain Productions a léirigh an clár do BBC Northern Ireland le maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved