Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Máthair to play on Aer Lingus flights



Date Posted: June 1, 2017

Irish Language Broadcast Fund short film Máthaircreated by NÓS, will be available to watch on transatlantic Aer Lingus flights from August after being picked up by the airline as one of its inflight entertainment choices

Directed by Damian McCann and produced by Gráinne Holland, Máthair was recorded in South Armagh with a group of local Irish language speakers and explores the concept of the mother tongue and the Irish Language. The video was originally released by NÓS on YouTube in March where it has been viewed almost 70,000 times.

Tomaí Ó Conghaile, Nós editor and the writer of Máthair said “A few months ago a representative from Inflight Dublin contacted us saying they were interested in presenting Máthair to Aer Lingus as a movie option. Aer Lingus really enjoyed it and now an Irish language short film will be among the various movies available to the airline’s passengers from August onwards. Everyone who contributed to the video is delighted that the Irish language will be brought to a larger audience.”

Máthair was funded by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.


Beidh Máthair, gearrscannán de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus atá cruthaithe ag NÓS ar fáil ar eitiltí trasatlantacha Aer Lingus ó mhí Lúnasa ar aghaidh i ndiaidh don aerlíne é a roghnú mar rogha siamsa ar bord eitiltí dá chuid.

Ba é Damian McCann a stiúir agus ba í Gráinne Holland a léirigh Máthair, físeán a taifeadadh in Ard Mhacha Theas le foireann aisteoirí de chainteoirí áitiúla Gaeilge agus is ann a phléitear go caolchúiseach le coincheap na máthairtheanga. D’fhoilsigh NÓS an físeán de chéaduair i mí Mhárta agus tá beagnach 70,000 radharc faighte aige ar líne ó shin.

Dúirt Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir NÓS agus an té a scríobh script Máthair, “Cúpla mí ó shin chuaigh ionadaí ó Inflight Dublin i dteagmháil linn le rá go raibh suim acu é a chur i láthair Aer Lingus mar rogha scannáin. Thaitin sé go mór le muintir Aer Lingus agus anois beidh gearrscannán Gaeilge i measc na scannán éagsúil a bheas ar fáil do phaisinéirí na haerlíne ó mhí Lúnasa ar aghaidh.”

Is é Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann a chuir an maoiniú ar fáil do Máthair.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved