Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Irish Language platform Meon Eile now accessible via smartphones



Date Posted: February 1, 2017

Meon Eile, the Irish language multimedia web platform has undergone a transformation this month. The site which is funded by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund has been available since 2012. “Meon Eile has garnered a dedicated following since its initial launch, and is growing steadily in popularity and has become the go-to online platform for the Irish speaking community particularly in the north of the country” according to Ceara Ní Choinn, the site’s producer.

Meon Eile provides stories from throughout Northern Ireland and reports on local, national and international current affairs, business, arts, lifestyle and sport on a daily basis. “We’ve moved into an era where people are accessing news and visual content on the go on their smart phones and Meon Eile can now cater for those sourcing news stories on the move“ says Máire Bhreathnach, Head of Irish language in Below the Radar.

Meon Eile is a Below the Radar production which is funded by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund. The Meon Eile team is comprised of Ceara Ní Choinn (Producer), Tomaí Ó Conghaile (Proof-reader), Seán Ó Baoill (Senior video journalist), Caoimhe Ní Chathail (Video-journalist), Ruairí Mac Donnacha (Video-Journalist).

Meon Eile is available at www.meoneile.ie

_____________________________________________________________________________

Le mí anuas tá athrú ó bhonn tagtha ar an ardán Gaeilge ilmheáin Meon Eile. Tá an suíomh ar an fhód ó bhí 2012 ann, suíomh atá á mhaoiniú ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. “Tá lucht leanúna dílis ag Meon Eile ó tháinig ann dó agus is amhlaidh atá an tóir air ag méadú de shíor. Go deimhin, is é rogha na n-ardán ar líne ag pobal na Gaeilge anois é, go háirithe ag muintir an Tuaiscirt,” dar le Ceara Ní Choinn, léiritheoir an tsuímh.

Soláthraíonn Meon Eile scéalta ar fud Thuaisceart na hÉireann go dtuairiscíonn ar chúrsaí reatha ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Chomh maith leis seo, tuairiscítear go laethúil ar chúrsaí gnó, ealaíon, stíl mhaireachtála agus spóirt. “Sa lá atá inniu ann, is ar a ngutháin chliste a thagann daoine ar an nuacht agus ar ábhar físe agus tá Meon Eile ábalta freastal orthu siúd a fhaigheann scéalta nuachta sa siúl” arsa Máire Bhreathnach, Ceannasaí Gaeilge Below the Radar.

Is léiriúchán de chuid Below the Radar é Meon Eile atá á mhaoiniú ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Ag seo foireann Meon Eile, Ceara Ní Choinn (Léiritheoir), Tomaí Ó Conghaile (Profléitheoir), Seán Ó Baoill (Físiriseoir Sinsearach), Caoimhe Ní Chathail (Físiriseoir), Ruairí Mac Donnacha (Físiriseoir).

Meon Eile ar fáil ag www.meoneile.ie.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved