Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Irish Language Broadcast Fund announces funding decisions for 2017



Date Posted: April 11, 2017

Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) is delighted to announce its latest round of funding decisions for 2017. Funding was awarded across a wide genre of TV, animation and online content with a total of 16 projects receiving funding.

The fife and drum band has been a long-held tradition in Donegal and has a unique place in each parish. Imagine Media’s An Bhuíon Cheoil which will air on TG4, will look at the people and passion behind this tradition and unique culture.

As the 50-year anniversary of the Civil Rights movement in Northern Ireland approaches, Imagine Media’s Saoil Ár Linne looks at the legacy of this movement through the eyes of young people today and the impact it has had on their own lives. Saoil Ár Linne will be broadcast on BBC NI.

Marking the 500th anniversary of the Reformation, Waddell Media’s Liútar 500, which will broadcast on BBC NI, will explore the influence the Reformation had on the Gaelic-speaking communities of Scotland and Ireland.

Macha Media has been awarded funding to tell the previously untold tale of the famous artist Rockwell Kent and his connection with the Donegal Gaeltacht. Ar Lorg Annie is a tale of love, art and the Cold War and will air on the BBC.

Paper Owl Films will take a fly-on-the-wall look at the day-to-day running of the Shandon Hotel, getting a true feel of what life is like for both staff and guests. An Shandon will be broadcast on TG4.

RedRay Films’ new animation series for RTÉ and CBBC, Ríona’s Warriors, will tell the tale of a group of young children who turn into a mighty band of warriors who love nothing better than going on adventures together.

This year also sees two ILBF funded series mark an important milestone. Popular country music show Opry an Iúir, produced by Big Mountain Productions for TG4, and Below the Radar’s lively magazine show for BBC NI I Lár an Aonaigh both return for their sixth series.

Below the Radar’s online platform Meon Eile will also be returning.

Spread throughout Ulster is a rich tapestry of caves, tunnels and lairs underneath the ground. Airing on BBC NI, DoubleBand Films’ Ulaidh Faoi Thalamh will cast light on the secret places and hidden treasures beneath our very feet.

Irish and Scottish traditional music have long been closely interlinked and both have seen great changes in recent years as musicians try to innovate and make the music their own. Gaineamh Séidte, a co-production between Dearcán Media, MAC TV and Magamedia Teo, will chart the music journey of both traditions and will air on RTÉ and BBC ALBA.

Dearcán Media will also co-produce with Lugh Productions Teo a documentary on Patsy Dan, the King of Tory. Rí Thoraigh¸ which will be broadcast on TG4 and BBC NI, will look at Patsy Dan’s life and legacy and how life on the island will change when he is no longer king.

In the last twenty years Tyrone GAA football has seen its most successful period of football and many believe this began with their minor team of 1997/98. While this particular team has been synonymous with success it has also been through an extraordinary series of personal tragedies. Airing on TG4, EMM Productions’ Spiorad Thír Eoghain will explore the tragedies which united a group of young men and how they triumphed in the face of adversity.

The deadline for the next funding round is Friday 1st September 2017. For further details and guidelines please visit the Northern Ireland Screen ILBF funding webpage.


FÓGRAÍONN AN CISTE CRAOLTÓIREACHTA GAEILGE A CHINNTÍ MAOINITHE IS DÉANAÍ DO 2017

Is mian leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), Scáileán Thuaisceart Éireann a chinntí maoinithe is déanaí do 2017 a fhógairt. Bronnadh maoiniú ar 16 thionscadal ar fad ina bhfuil éagsúlacht bhreá seánraí teilifíse, beochan agus ábhar ar líne.

Traidisiún mór de chuid Dhún na nGall a théann i bhfad siar is ea traidisiún na mbannaí fífeanna agus drumaí. Amharcfaidh An Bhuíon Cheoil de chuid Imagine Media ar na daoine agus ar an phaisean a bhaineann leis an traidisiún agus leis an chultúr ar leith seo. Craolfar ar TG4 é.

Agus é beagnach 50 bliain ó cuireadh tús le gluaiseacht na gCeart Sibhialta i dTuaisceart Éireann, caitheann Saoil Ár Linne de chuid Imagine Media spléachadh trí shúile óige an lae inniu ar an rian a d’fhág an ghluaiseacht ar an tír. Craolfar Saoil Ár Linne ar BBC NI.

Tá 500 bliain caite ó cuireadh tús leis an Reifirméisean agus déanfaidh Liútar 500 de chuid Waddell Media iniúchadh ar an tionchar a bhí ag an Reifirméisean ar lucht labhartha na Gaeilge agus ar lucht labhartha Ghaeilge na hAlban in Éirinn agus in Albain araon. Beidh Liútar 500 le feiceáil ar BBC NI.

Bronnadh maoiniú ar Macha Media chun scéal nár chualathas riamh a insint, scéal faoin ealaíontóir clúiteach Rockwell Kent agus an ceangal a bhí aige le Gaeltacht Dhún na nGall. Is scéal é Ar Lorg Annie a chraolfar ar BBC NI faoin ghrá, faoin ealaín agus faoin Chogadh Fhuar.

Caithfidh Paper Owl Films súil ar shaol laethúil Óstán Shandon agus gheofar blaiseadh ar gach cor agus casadh i saol fhoireann agus aíonna an óstáin féin. Craolfar An Shandon ar TG4.

Is sraith beochan de chuid RedRay Films agus a chraolfar ar RTÉ agus CBBC é Ríona’s Warriors. Scéal faoi ghrúpa páistí a iompaíonn ina mbuíon mhór laochra agus níl rud ar bith ar domhan is fearr leo ná a bheith ag dul a eachtraíocht le chéile.

Is ócáid thábhachtach é ag dhá shraith atá maoinithe ag CCG chomh maith. Is amhlaidh a fhillfidh an clár ceoil tuaithe a raibh an-éileamh air de chuid Big Mountain Productions, Opry an Iúir ar TG4 agus fillfidh an t-irischlár bríomhar de chuid Below the Radar do BBC TÉ, I Lár an Aonaigh dá séú sraith araon.

Anuas air seo, beidh an t-ardán ilmheáin Meon Eile linn arís eile.

Tá gréasán saibhir uaimheanna, tollán agus pluaiseanna faoin talamh scaipthe ar fud Chúige Uladh. Agus é le craoladh ar BBC NI, caithfidh Ulaidh Faoi Thalamh, clár de chuid DoubleBand Films, solas ar na háiteanna rúnda agus ar na taiscí sin atá i bhfolach faoinár gcosa féin.

Tá ceangal idir ceol traidisiúnta na hÉireann agus ceol traidisiúnta na hAlban le fada an lá agus is iomaí athrú atá tagtha ar an dá thraidisiún le blianta beaga anuas fad agus a bhíonn ceoltóirí ag iarraidh a gcuid féin a dhéanamh de. Is comhléiriú de chuid Dearcán Media, MAC TV agus Magamedia Teo é Gaineamh Séidte, clár ina ndéanfar an turas atá faoin dá thraidisiún ceoil a chíoradh. Craolfar ar RTÉ agus BBC ALBA é.

Déanfaidh Dearcán Media clár faisnéise ar Patsy Dan, rí Thoraigh a chomhléiriú le Lugh Productions Teo. Craolfar Rí Thoraigh ar TG4 agus BBC NI, agus is amhlaidh a chaithfear súil ar shaol agus ar thionchar Patsy Dan agus pléifear an saol a bheidh ar an oileán nuair nach mbeidh sé ina rí ar an oileán feasta.

Ba é an fiche bliain is déanaí an tréimhse ba rathúla i stair CLG Thír Eoghain agus creidtear gurb í foireann mionúr 1997/98 a spreag seo an chéad lá riamh. Ach dá mhéad na dlúthbhainte a bhí ag an fhoireann chéanna le rath an chontae, is iomaí tubaiste phearsanta a d’fhulaing siad chomh maith. Is clár de chuid EMM Productions é Spiorad Thír Eoghain a chraolfar ar TG4, clár a dhéanfaidh iniúchadh ar an tubaistí seo a chothaigh spiorad dochloíte idir grúpa fear óg agus caithfear súil ar an dóigh ar éirigh leo éachtaí agus gaiscí a dhéanamh in ainneoin na dtubaistí céanna.

Is é an Aoine 1 Meán Fómhair 2017 spriocdháta an chéad bhabhta maoinithe eile. Le haghaidh tuilleadh eolais agus na dtreoirlínte téigh chuig leathanach maoinithe an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved