Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

‘Eithne – Idir Dhá Shaol’, Tuesday 20th December, TG4, 9.30pm



Date Posted: December 9, 2016

A new documentary, which explores the life of Irish singer Eithne Ní Uallacháin titled Idir Dhá Shaol, will premiere on Tuesday 20th December at 9.30pm on TG4. A repeat of the documentary is also scheduled to broadcast on Wednesday 28th December at 7:45pm.

Eithne – Idir Dhá Shaol’ is told from the intimate perspective of Eithne’s family, friends and fellow musicians. The film was directed and produced by her son Feilimí O’Connor and received funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

A ‘beautiful voice which comes to us from the other side of eternity’ is the description given about this moving film about the life of singer Eithne Ní Uallacháin. With husband Gerry O’Connor in the highly successful ‘Lá Lugh’, she embraced the ancient and the modern, she strode the worlds of Irish and English and she could sing with heartrending beauty or play the flute with passion and imagination.

Eithne was full of the vim and vitality of life but at the same time was filled with darkness only she understood. She was the product of a uniquely Irish cultural heritage but her voice could reach something deep inside all of mankind.

Featuring: Gerry O’Connor, Dónal O’Connor, Mairéad Ní Mhaonaigh, Jim Corr, Mario N’Goma, Gilles le Bigot, Padráigín Ní Uallacháin, Cathal Ó Searcaigh and performance artist Gráinne Smith.

Stirling Film & Television Productions produced Eithne – Idir Dhá Shaol for TG4 with funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF)’ in association with BEES NEES and MG ALBA.

  • Director and Producer – Feilimí O’Connor
  • Director of Photography – Réamonn Mac Donnacha
  • Editor – Jill Beardsworth

‘Bilingua – Ceol Eithne Ní Uallacháin’ – A unique concert celebrating the life and music of Eithne will be shown on Wednesday 28th December at 8:45pm on TG4. Featuring Karen Matheson, Muireann Nic Amhlaoibh and Pauline Scanlon.

______________________________________________________________________________

 

Eithne – Idir Dhá Shaol

Cloiseann muid glór binn an amhránaí Eithne Ní Uallacháin ag teacht chugainn trí scamaill na síoraíochta sa scannán cumhachtach seo faoina saol agus a saothar. 20ú Nollaig ag 21:30 TG4.

Bhí an dá shaol agus an dá léamh i gcroí agus i gceol Eithne, an seansaol agus saol an lae inniu, saol na Gaeilge agus an Bhéarla. Bhí áilleacht agus binneas ina glór agus paisean ina cuid fliúiteadóireachta.

Is iomaí duine a bhraitheann an phian agus an choimhlint a bhaineann le saol an lae inniu, agus is faoin scáth sin freisin a mhair Eithne ag amanntaí ina saol. D’inis Eithne scéal na mothúchán sin lena glór aoibhinn, nuair a bhí sí ag ceol amhráin thraidisiúnta a ceantair féin, ceantar Oirialla, amhráin nua-chumtha a tháinig óna lámh, nó sin nuair a bhí sí ag casadh in éineacht lena fear céile Gerry O’Connor sa ghrúpa cáiliúil Lá Lugh

Bhí Eithne lán le spraoi agus spiorad an tsaoil ach bhí dorchadas ina croí istigh nár thuig duine ar bith ach í. Cé gur fáiscíodh Eithne as oidhreacht agus cultúr ar leith, chuaigh a glór agus a cuid ceoil sa chroí ag cách.

Is iad muintir, cairde agus ceoltóirí a sheinn in éindigh le hEithne a insíonn scéal a saoil óna ndearcadh féin agus ón taithí phearsanta a bhí acu léi. Is é mac Eithne, Feilimí O’ Connor, léiritheoir agus stiúrthóir an scannáin.

I measc aíonna an scannáin, tá: Gerry O’Connor, Dónal O’Connor, Mairéad Ní Mhaonaigh, Jim Corr, Mario N’Goma, Gilles le Bigot, Padráigín Ní Uallacháin, Cathal Ó Searcaigh and an taibhealaíontóir Gráinne Smith.

Taispeánfar Idir Dhá Shaol, scéal Eithne Ní Uallacháin, don chéad uair ar an 15 Nollaig san IFI i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath ag a 11.15 r.n. Craolfar an scannán ar TG4 ar an 20 Nollaig ag 9.30 i.n. Déanfar athchraoladh ar an scannán ar TG4 ar an 28 Nollaig ag 7.45 i.n

Ba iad Stirling Film & Television Productions a léirigh ‘Eithne – Idir Dhá Shaol ar son TG4 le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann i gcomhar le BEES NEES agus MG ALBA.

  • Stiúrthóir agus Léiritheoir: Feilimí O’Connor,
  • Stiúrthóir Grianghrafadóireachta: Réamonn Mac Donnacha
  • Eagarthóir: Jill Beardsworth

Taispeánfar Bilingua – Ceol Eithne Ní Uallacháin’Ceolchoirm in omós do shaothar ceoil an amhranaí Eithne Ní Uallacháin ar an 28ú Nollaig @ 20:45 – TG4. Beidh Karen Matheson, Muireann Nic Amhlaoibh & Pauline Scanlon I measc na gceoltoirí ar stáitse.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved