Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

IRISH LANGUAGE BROADCAST FUND ANNOUNCES FUNDING DECISIONS FOR 2017



Date Posted: October 12, 2017

Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) is delighted to announce its latest funding decisions for 2017. Funding was awarded across a wide genre of TV and online content with a total of 17 projects receiving funding, including a new documentary under the new Amharc scheme.

The aims of the ILBF are to promote the production and broadcast of quality Irish language content for an audience in Northern Ireland and beyond and to help grow the Irish language production sector in Northern Ireland.

Big Mountain Productions has been awarded funding for Croí Uladh le John Toal on BBC, a series where John Toal visits the people and places of the many communities that make Ulster special.

Imagine Media was awarded funding for Ceol Chogadh na Saoirse, a music series for TG4 that takes the audience through a musical journey of the War of Independence. Imagine Media also received funding for The Queen’s Pardon, which tells the remarkable true story of two men, Martin Monaghan and Brian Lacey, the former a prison escapee, the latter an historian who was an unwitting aid and ultimately a victim in the escape and of how they ended up becoming friends.

Macha Media’s Paul Henry – Portráid Éireannach, for TG4, investigates how the artist Paul Henry, a Belfast Baptist, came to create a quintessential image of the west of Ireland. Macha Media has also been awarded funding to produce An Bap – an tArán a Chruthaigh Béal Feirste, for BBC NI which will take a look at the story of Belfast’s local delicacy that is the Belfast Bap.

Agricultural shows are proving to be more popular than ever and Crawford McCann Limited has been awarded funding to produce An Taobh Torthúil, for TG4, a series that gets to the heart of the excitement and tension that make up these same shows throughout the country.

Below the Radar’s discussion series An Focal Scoir returns to the BBC for a second series, providing in-depth debate and analysis of various stimulating and controversial issues.

Also back for a second series on BBC is Sonas Productions’ Trad ar Fad which this series will showcase the very best of Irish and Scottish musicians from the Celtic Connections festival.

And returning for a second series to TG4 is Waddell Media’s Turas Bóthair, a series which will take a fly-on-the-wall look at the daily drives of various car loads of humorous, opinionated commuters, all with their own stories to be told.

#Faduda, Paper Owl Films’ platform for exciting online content is also set to continue. Content for young people written by young people giving them a platform to find their own voice near and far in the Irish Language.

Other online content supported includes Rua Media who have being awarded funding to produce more short form content on NÓS.ie while Dearcán Media has been given funding to produce  a series of short documentaries on today’s most prominent young Irish Language speakers.

Raidió Fáilte has secured funding for its broadcast training scheme, a scheme which offers a strong foundation for those who wish to work in the media sector in general and provides an opportunity for them to add to their range of experience in the production sector.

DoubleBand Films has received funding under the Amharc scheme to investigate the life and work of David Hammond, broadcaster, folk-singer, artist and film-maker. Amharc was designed to support the production of landmark creative films on the arts in Northern Ireland today and is supported by BBC Gaeilge and TG4.


FÓGRAÍONN AN CISTE CRAOLTÓIREACHTA GAEILGE A CHINNTÍ MAOINITHE IS DÉANAÍ DO 2017

Is mian leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), Scáileán Thuaisceart Éireann a chinntí maoinithe is déanaí do 2017 a fhógairt. Bronnadh maoiniú ar 17 dtionscadal ar fad ina bhfuil éagsúlacht bhreá seánraí teilifíse agus ábhar ar líne mar aon le clár faisnéise nua faoi scéim nua Amharc.

Is é a chuireann an CCG roimhe, maoiniú a chur ar fáil le hábhar Gaeilge ar ardchaighdeán a léiriú agus a chraoladh do lucht féachana i dTuaisceart na hÉireann agus níos faide i gcéin agus lena chinntiú go gcuirfear fás faoin earnáil léiriúcháin Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

Tá maoiniú faighte ag Big Mountain Productions as Croí Uladh le Toal a léiriú – sraith ina dtabharfaidh John Toal cuairt ar dhaoine agus ar phobail inspéise éagsúla i gCúige Uladh.

Bronnadh maoiniú ar Imagine Media as an tsraith Ceol Chogadh na Saoire a léiriú, sraith ina dtabharfar an lucht féachana ar thuras ceoil le linn thréimhse Chogadh na Saoirse. Tugadh maoiniú do Imagine Media chomh maith le haghaidh The Queen’s Pardon, fíorscéal corraitheach faoi bheirt fhear, Brian Lacey agus Martin Monaghan, ar príosúnach duine amháin acu agus íospartach an duine eile agus insítear faoin bhealach ar éirigh cairdeas mór eatarthu sa deireadh.

Déanann clár Macha Media, Paul Henry – Portráid Éireannach scrúdú ar an bhealach ar éirigh le Paul Henry, Baisteach as Béal Feirste, sainíomhánna cruthanta a tharraingt d’Iarthar na hÉireann. Bronnadh maoiniú ar Macha Media chomh maith as An Bap – an tArán a Chruthaigh Béal Feirste a léiriú, clár a insíonn scéal bhapa Bhéal Feirste, bia sainiúil na cathrach.

Is fada clú ar chathair Dhoire as na himeachtaí a bhíonn ann Oíche Shamhna agus is amhlaidh atá maoiniú faighte ag Paul McKay Productions/Gifted Empire Productions chun clár beo a léiriú ar shiamsa na hoíche ina mbeidh scoth na gceoltóirí Éireannacha le feiceáil ann chomh maith.

Tá tarraingt níos mó ar sheónna talmhaíochta anois ná riamh agus bronnadh maoiniú ar Crawford McCann Limited chun An Taobh Torthúil a léiriú, sraith a thabharfaidh blaiseadh ar an bheocht, ar an siamsa agus ar an teannas a bhíonn sna seónna talmhaíochta seo ar fud na tíre.

Léireoidh Below the Radar an dara sraith de An Focal Scoir sraith díospóireachta ina ndéantar mionchíoradh ar cheisteanna suimiúla conspóideacha atá i mbéal an phobail.

Ag filleadh don dara sraith chomh maith, tá an tsraith Turas Bóthair de chuid Waddell Media ina leanfar roinnt daoine éagsúla agus iad i gcarranna lena chéile ag tabhairt faoina dturas laethúil chun na hoibre. Beidh an clár breac le greann agus tuairimí agus a scéal féin le hinsint ag gach duine acu.

Chomh maith leis sin, beidh Trad ar Fad, sraith cheoil Sonas Productions ar ais linn agus plúr na gceoltóirí Éireannacha agus Albanacha á dtaispeáint ó fhéile Celtic Connections.

Beidh #Faduda, ardán ar líne le Paper Owl Films ar ais linn arís eile chomh maith, ina mbeidh ábhar bríomhar ar líne do dhaoine óga. Ábhar le haghaidh daoine óga á scríobh ag daoine óga atá ann ina dtabharfar ardán dóibh a nguth féin a aimsiú i bhfad is i ngearr trí mheán na Gaeilge.

Beidh níos mó ábhar ar líne le feiceáil arís agus maoiniú tugtha do Rua Media chun físeáin a léiriú ar NÓS TV agus bronnadh maoiniú ar Dearcán Media as gearrfhíseáin faisnéise a léiriú ar Ghaeilgeoirí óga na linne seo.

Chomh maith leis seo, is amhlaidh a d’éirigh le Raidió Fáilte maoiniú a fháil dá scéim traenála craoltóireachta, rud a thugann bonn iontach traenála dóibh siúd ar mian leo a bheith ag obair in earnáil na meán i gcoitinne agus tugtar deis dóibh cur lena réimse taithí san earnáil léiriúcháin.

Tá maoiniú faighte ag DoubleBand Films faoin scéim nua Amharc, mórléiriú faisnéise a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar David Hammond, craoltóir amhránaí tíre, ealaíontóir agus scannánóir. Is é cuspóir na scéime, tacú le mórléirithe faisnéise ar shaol agus ar shaothrú na n-ealaíon i dTuaisceart Éireann an lae inniu.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus na dtreoirlínte téigh chuig leathanach maoinithe an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved