Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Introducing the Celtic International Fund



Date Posted: August 7, 2018

Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) has joined forces with a host of broadcasters from the Celtic territories to establish an exciting new media production fund with the aim of developing drama, animation and factual programmes in the Celtic languages.

The ‘Celtic International Fund’ will run an annual joint-commissioning round between the indigenous Celtic language television broadcasters and funders of Scotland, Wales, Ireland and Northern Ireland.

The fund has been created through a joint-funding initiative between the ILBF, BBC ALBA (with funding from MG ALBA), TG4 and S4C.

The aim of the Celtic International Fund is to promote co-development and then co-production through Scottish Gaelic, Welsh and Irish, and to encourage a broader European and worldwide internationalisation of productions which are originally conceived in those Celtic languages.

The Celtic International Fund will provide film-makers with an opportunity to co-develop and co-produce distinctive, ambitious works to enrich primetime programme schedules, to have a national impact with audiences in the territories of Scotland, Wales, Ireland and Northern Ireland and seek to reach audiences worldwide.

The initial call-out encompasses three genres – Factual, Drama and Animation.  All successful projects will undergo a development phase where funding will be provided to both develop ideas and the co-production framework, which must have a production element in Scotland, Wales and either Ireland, or Northern Ireland.

The Celtic International Fund will be administered by a joint commissioning team drawn from the Celtic language broadcasters and funders who are partners in the scheme.

Head of the ILBF, Áine Walsh, welcomed the new co-production initiative:

“We are delighted to be part of this initiative, which will enable local Irish speaking producers to work alongside their Celtic neighbours to develop content that can be enjoyed by a global audience. This new partnership will lead to a stronger and more developed production sector and we are excited to see new factual, drama and animated content with high production values and that has originated in the Celtic territories, make its mark in the global market.”

The deadline to submit applications for the Celtic International Fund ‘Factual Development’ has been extended until 12pm, 26th of September. For details of the Fund and how to apply please click here.


Fáilte curtha roimh an Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach

Tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann i mbun comhoibriú a dhéanamh le craoltóirí ó na críocha Ceilteacha eile le ciste léiriúcháin a bhunú chun cláir fhíorasacha, dráma agus beochan sna teangacha Ceilteacha a fhorbairt.

Beidh an Ciste Idirnáisiúnta Ceilteach ag reáchtáil babhta comhchoimisiúnaithe gach bliain idir na craoltóirí agus maoinitheoirí teilifíse sna teangacha Ceilteacha in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart agus Poblacht na hÉireann.

Is tionscnamh comh-mhaoiniú é seo atá cruthaithe ag an CCG, BBC ALBA (le maoiniú ó MG ALBA), TG4 agus S4C.

Tá sé mar aidhm ag an Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach spreagadh a thabhairt do chomhfhorbairt agus do chomhléiriúchán trí mheán na Gáidhlige, na Breatnaise agus na Gaeilge agus uchtach a thabhairt d’idirnáisiúnú Eorpach agus domhanda de léiriúcháin a ceapadh ar dtús sna teangacha Ceilteacha sin.

Tá sé mar sprioc ag an Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach an deis a chur ar fáil do scannánóirí comhfhorbairt agus comhléiriúchán a dhéanamh ar chláir shuntasacha, fhorásacha a chruthóidh luach mór don sceideal príomh-ama, a mbeidh tionchar acu ar lucht féachana náisiúnta in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart agus Poblacht na hÉireann agus a mbeidh sé mar aidhm acu dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain.

Tá trí seánra ar leith i gceist leis an chéad bhabhta seo – Fíorasach, Dráma agus Beochan.  Do na tograí go léir beidh tréimhse fhorbartha i gceist ina gcuirfear maoiniú ar fáil le smaointe a fhorbairt ach freisin chun líonra comhléiriúcháin a fhorbairt a bhfuil sé mar riail go gcaithfear  cuid den phróiseas léiriúcháin tarlú in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i bPoblacht nó i dTuaisceart na hÉireann.

Beidh comhfhoireann coimisiúnaithe i gceannas ar an Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach, ag teacht ó na craoltóirí agus na maoinitheoirí teilifíse sna teangacha Ceilteacha atá mar comhpháirtithe sa scéim seo.

Chuir ceannasaí an CCG, Áine Walsh, failte roimh an tionscnamh comhléiriúchán seo.:

“Táimid iontach sásta le bheith páirteach sa tionscnamh seo. Ciallaíonn sé go mbeidh léiritheoirí áitiúla le Gaeilge ábalta comhoibriú lena gcomharsan Ceilteach agus ábhar taitneamhach a fhorbairt do lucht féachana ar fud an domhain. Beidh earnáil léiriúcháin níos láidre agus níos forbartha againn mar gheall ar an gcomhpháirtíocht nua seo. Táimid ag tnúth go mór le cláir fhíorasacha, dráma agus beochan le hard luachanna léiriúcháin a fheiceáil ó na críocha Ceilteacha agus iad ag fagáil a rian féin sa mhargadh domhanda.”

Tá an sprioc d’iarratais don Chiste Idirnáisiúnta Ceilteach anois sínithe go dtí 12 in, 26ú Meán Fómhair. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an Chiste agus conas iarratas a dhéanamh, ar an nasc seo.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved