NEWS AND EVENTS

Show Advanced Search
From :
To :
Category :

Total Items:  

Feb
21
2013

Aniar Aduaidh Fridays at 7.30pm on RTÉ One

Altan’s Mairéad Ní Mhaonaigh takes time out of her busy touring and recording schedule to explore the landscape and music of Ulster in new Irish Language Broadcast Fund series, Aniar Aduaidh. The six-part series begins this Friday, 22nd February, at 7.30 pm on RTÉ One.

Mairéad’s journey begins in her native Gaoth Dobhair, the Donegal Gaeltacht which has drawn her home and where she is permanently based, surrounded by her family and friends including Manus Lunny of Capercaille. Mairéad reflects fondly on her strong musical influences of her father, the late Francie Mooney and shares memories of her late husband and founding member of Altan, Frankie Kennedy.

Mairéad also visits Fermanagh, Derry, Belfast, Down and Tyrone. Household names such as Daniel O’Donnell, Juliet Turner, Cara Dillon and Brian Kennedy welcome Mairéad to their home towns and treat her to some of the stories and memories which shaped their lives and led them on a remarkable musical path. 

In Aniar Aduaidh (of the north-west) we see many of the north’s very distinguished artists as we have never seen them before; in their own environments and yet not shying from the viewer’s desire to see them doing what they do best; performing. Mairéad’s warm and personable character, the fabulous countryside and city locations, together with the familiar sounds of Ulster’s prominent artists will give any viewer a boost.

Among the long list of names who perform with Mairéad are Neil Martin, Tommy Sands, Bronagh Gallagher, Adrian Dunbar, Rev. Gary Hastings, Fr. Seamus Quinn, Arty McGlynn, Nollaig Casey and Róisín de Faoite.

Aniar Aduaidh is a Tobar and Independent Pictures production for RTÉ with financial support from the Irish Language Broadcast Fund. The series was directed by Moira Sweeney and produced by Damian McCann.


Aniar Aduaidh Gach Aoine ar 7.30 i.n. ar RTÉ a hAon

Sa tsraith nua de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Aniar Aduaidh., tógann Mairéad Ní Mhaonaigh, ón ghrúpa ceoil Altan, am amach as a camchuairt ghnóthach agus as a sceideal taifeadta chun iniúchadh a dhéanamh ar thírdhreach agus ar cheol Uladh. Tosaíonn an tsraith de shé chlár Dé hAoine beag seo, 22ú Feabhra, ar 7.30 i.n. ar RTÉ a hAon.

Tosaíonn turas Mhairéid i nGaoth Dobhair, a háit dúchais féin, agus is í an Ghaeltacht sin i dTír Chonaill a tharraing abhaile í agus is í an áit ina bhfuil sí lonnaithe go buan anois lena teaghlach agus a cairde thart timpeall uirthi. Ina measc siúd tá Manus Lunny, ón ghrúpa Capercaille. Labhraíonn Mairéad go grámhar ar bheirt nach maireann – pléann sí an tionchar láidir a bhí ag ceol Francie Mooney, a hathair, uirthi agus roinneann sí fosta cuimhní dá fear céile, Frankie Kennedy, agus é ina bhall bunaithe d’Altan.

Téann Mairéad ar cuairt go Fear Manach, Doire, Béal Feirste, An Dún agus Tír Eoghain. Cuireann ainmneacha mór le rá ar nós, Daniel O’Donnell, Juliet Turner, Cara Dillon agus Brian Kennedy fáilte roimpi chuig a mbailte féin agus insíonn siad di cuid de na scéalta agus cuimhní cinn a mhúnlaigh iad agus a chur ar an bhealach iontach ceoil iad.

Tugann an clár Aniar Aduaidh, deis don lucht féachana breathnú ar chuid de na ceoltóirí mór le rá ón tuaisceart ar dhóigh nach bhfacthas riamh iad, ina dtimpeallacht féin agus iad ag déanamh ceoil mar is fearr leo. Tá tógáil croí le fáil ag an lucht féachana nuair a mheasctar an nádúr fáilteach séimh atá ag Máiréad, na radhairc mhealltacha tuaithe agus cathrach, agus na fuaimeanna inaitheanta ó cheoltóirí mór le rá Uladh.

Tá a leithéidí de Neil Martin, Tommy Sands, Bronagh Gallagher, Adrian Dunbar, An tUrramach. Gary Hastings, An tAth. Seamus Quinn, Arty McGlynn, Nollaig Casey, agus Róisín de Faoite i measc liosta fada na n-ainmneacha a sheinneann le Mairéad sna cláir.

Is chomh - léiriúchán é Aniar Aduaidh le Tobar agus Independent Pictures do RTÉ le tacaíocht airgeadais ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Ba í Moira Sweeny stiúrthóir na sraithe agus í léirithe ag Damian McCann.


  • Partners
  • Partners
  • Partners