NEWS AND EVENTS

Show Advanced Search
From :
To :
Category :

Total Items:  

Nov
01
2012

New Irish dance series "Buail Cos" on TG4

Buail Cos is a new Irish Language Broadcast Fund dance series charting the diverse history of Irish dance in Ireland over the past 500 years. Produced by Sonas Productions, it airs this Sunday, 4th November, at 10pm on TG4.

Focusing on the various threads of Irish dance; ‘céilí’, ‘set’, ‘sean nós’ and ‘step’, each episode will chart the historic rise of these individual genres. It also examines the modern reality of ‘dance life’, following two dancers as they compete in their respective regional and national competitions. Niamh Taylor is a four times world champion and returns to defend her title. Pádraig Ó Dubháin from Connemara is from a renowned sean nós dancing family and this year aims to become the senior Oireachtas sean nós dance champion, the only title that has eluded him so far.

The series will feature interviews, rare archive footage and performances from some of the greatest dancers that Ireland has produced. With exclusive access to behind the scenes action at practice and competitive events, the observational footage will show the everyday commitment and pressure often endured by dancers for the love of their art.

Buail Cos Sunday 4th November at 10pm on TG4.


Sraith nua damhsa Gaelach Buail Cos ag tosú Dé Domhnaigh ar TG4

Sraith úr í Buail Cos a bhfuil tacaíocht faighte aici ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge. Le linn na sraithe, leanfaimid stair éagsúil an damhsa Ghaelaigh in Éirinn le 500 bliain anuas. Léirithe ag Sonas Productions, craolfar an chéad chlár Dé Domhnaigh an 4ú Samhain ar 10i.n.

Agus gach clár ag díriú ar ghné faoi leith den damhsa Gaelach – céilí, seit, sean-nós agus rince céime – gheobhaimid léargas ar an mbealach a d’fhorbair na cineálacha damhsa éagsúla. Caithfear súil chomh maith ar an nós nua-aimseartha sin ‘saol an damhsa’ agus leanfaimid beirt damhsóirí agus iad ag glacadh páirte ina gcomórtais réigiúnacha agus náisiúnta. Curadh domhanda ceithre huaire í Niamh Taylor agus filleann sí chun a teideal a chosaint. Is as Conamara é Pádraig Ó Dubháin agus tógadh é i gclann a bhfuil cáil an damhsa uirthi. I mbliana, tá sé ag súil go mbronnfar an curadh sinsear sa rince sean-nós air ag an Oireachtas – an t-aon teideal amháin atá fós le baint aige.

Sa tsraith seo taispeánfar agallaimh, scannáin ón gcartlann agus taibhithe ó roinnt de na damhsóirí Éireannacha ab fhearr riamh. Gheobhaimid rochtain eisiach don aicsean uilig taobh thiar den stáitse le linn cleachtaí agus comórtais agus feicfimid an tiomantas agus an brú a sheasann damhsóirí go minic ar son a n-ealaíne.

Buail Cos – Dé Domhnaigh an 4ú Samhain ar 10i.n. ar TG4.


 

 


  • Partners
  • Partners
  • Partners