NEWS AND EVENTS

Show Advanced Search
From :
To :
Category :

Total Items:  

Oct
23
2012

New ILBF documentary looks at Children of the Revolution

Páistí na Réabhlóide (Children of the Revolution) is a new Irish Language Broadcast Fund documentary film looking at the lives of children born on the island of Ireland between 1916 and 1922. It airs this Wednesday, 24th October, at 9.30pm on TG4.

This is the generation born between Rising and Civil War - the children of the revolution - Children of a new Ireland, a free state and the north. As we reach the 90th anniversary of the Irish Civil War we hear personal accounts of the world they were born into, their parents, their families and what became of their lives in a country that was changed forever.

These are the children born at the beginning of a divided nation. They saw World War, survived TB, witnessed the 60s, 70s, 80, 90s…No other generation in history has lived through so much change.

What a journey theirs has been. Their lives have much to teach us today. This is a human story of life in all its shapes and guises, with all its ups and downs and provides some very unique pearls of wisdom to an overworked, stressed out generation in 2012 trying to feel their way through huge change.

Paistí na Réabhlóide was produced by Gráinne Mc Guinness and directed by Brenda Ní Shúilleabháin. All post production was carried out at the Picturehouse Edit Suites Ltd.

Páistí na Réabhlóide, Wednesday 24th October at 9.30pm on TG4.

Contributors

Máire Mc an tSaoi, Dublin 1922 Writer, poet, observer. A lifetime in literature and politics in Ireland and around the world.

Máire Mc Swiney Brugha, Dublin 1920 The daughter of one of Ireland's greatest heroes. An extraordinary upbringing and perspective.

Paddy Mac Flynn, 93, Co. Down 1918 School principal, president of the GAA, publican. Inspiration. Here is a proud Ulsterman with a clear perspective on life in the North in the 20s and 30s and beyond

Uinsionn Ó Gairbhí, 90, Navan, Co Meath. 1921 Ex School teacher, Social historian and artist, Uinsionn is still a hard man to pin down. He has wonderful descriptions and stories of his life in Ireland over the past 90 years.

Canon Alfred O’ Connor, Kerry, 1920 Born in the Kerry Gaeltacht, this gentle man devoted his life to God and his church. Through all the amazing turns of his life it is wife, his daughter, his animals and his rugby that shine in his memory.

Proinsias Ó Conluain. Co Tyrone, 1918 Born in Co. Tyrone is the wake of rebellion and the birth of a new Northern Ireland, Proinsias Ó Conluian went on to become one of Ireland’s earliest radio voices.


Clár úr faisnéise de chuid an CCG faoi Pháistí na Réabhlóide

Is clár nua faisnéise de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge é Páistí na Réabhlóide. Díríonn sé ar shaol páistí a rugadh ar oileán na hÉireann idir 1916 agus 1922. Craolfar é Dé Céadaoin, 24 Deireadh Fómhair, ar 9.30in ar TG4.

Seo í an ghlúin a tháinig ar an saol idir Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na gCarad – páistí na réabhlóide – Páistí san Éirinn úr, sa saorstát agus sa tuaisceart. Agus comóradh 90 bliain Chogadh Cathartha na hÉireann ag druidim linn, éistfimid lena gcuntais phearsanta ar an saol mar a bhí an tráth úd, chomh maith lena scéalta faoina dtuismitheoirí, a dteaghlaigh agus mar a d’athraigh an saol dóibh i dtír nach mbeadh choíche mar an gcéanna arís.

Bhí an náisiún díreach i ndiaidh a bheith deighilte nuair a rugadh na páistí seo. Mhair siad trí Chogadh Domhanda, tháinig siad slán ón eiteann, bhí siad ann sna 60idí, sna 70idí, sna 80idí, sna 90idí…Níl aon ghlúin eile sa stair a chonaic an oiread céanna athruithe lena linn.

Is iontach an t-aistear atá curtha acu díobh.Tá ceachtanna le foghlaim againn sa lá atá inniu ann ach breathnú ar a saol. Scéal an gnáthdhuine atá anseo, ach craicne difriúla air. Tá críonnacht ann a chuideoidh le glúin 2012 atá faoi strus agus faoi bhrú na hoibre agus atá ag iarraidh a mbealach a dhéanamh de réir mar atá athruithe móra ag titim amach thart orthu.

Ba í Gráinne McGuinness a léirigh Páistí na Réabhlóide agus ba í Brenda Ní Shúilleabháin a stiúraigh. Rinneadh an obair iarléiriúcháin uilig sna Picturehouse Edit Suites Ltd.

Páistí na Réabhlóide, Dé Céadaoin 24 Deireadh Fómhair ar 9.30in ar TG4.

Páirteach sa chlár

Máire Mhac an tSaoi, Baile Átha Cliath 1922 Scríbhneoir, file, breathnóir. Tá a saol caite aici leis an litríocht agus leis an pholaitíocht in Éirinn agus ar fud an domhain.

Máire McSwiney Brugha, Baile Átha 1920 Iníon duine de mhórlaochra na hÉireann. Ba neamhghnách an tógáil a fuair sí agus tá dearcadh as an choitiantacht aici.

Paddy Mac Flynn, 93, Contae an Dúin 1918 Príomhoide scoile, uachtarán ar CLG, táirbhneoir. Duine spreagúil amach is amach atá ann. Ultach is ea é a bhfuil léargas grinn aige ar an saol sa Tuaisceart sna 20idí, sna 30idí agus ina dhiaidh sin.

Uinsionn Ó Gairbhí, 90, an Uaimh, Contae na Mí 1921 Iarmhúinteoir scoile, staraí sóisialta agus ealaíontóir atá in Uinsionn, fear a mbíonn rud éigin spéisiúil i gcónaí idir lámha aige. Is spleodrach an cur síos agus na scéalta atá aige ar a shaol in Éirinn le 90 bliain anuas.

Proinsias Ó Conluain. Contae Thír Eoghain, 1918 Rugadh é i gContae Thír Eoghain go gairid i ndiaidh na réabhlóide agus bhunú Thuaisceart Éireann. Bhí Proinsias Ó Conluain ar dhuine de na daoine ba thúisce a bhí le cluinstin ar an raidió in Éirinn.

An Canónach Alfred O'Connor, Ciarraí, 1920 Seo fear séimh a rugadh i nGaeltacht Chiarraí agus a bhfuil a shaol caite le dúthracht aige ar son Dé agus na heaglaise lena mbaineann sé. Is iomaí cor aisteach agus iontach a tháinig ina shaol agus anois, ag amharc siar dó, is iad a bhean chéile, a iníon, a chuid ainmhithe agus an rugbaí is gile ina chuimhne.


  • Partners
  • Partners
  • Partners